Dé Luain
Posts by marcus mac conghail
Grma!
nope
tá mo chuimhne mantach ag rá liom gur ón bhfocal tequila a tháinig Kíla
Grma!
is focal cumtha margaíochta atá ann - dúrathas liom ag an am gur bunaithe a bhí sé ar an gcomhairle gur fearr a ghreamaíonn focal atá déshiollach san intinn - agus go gcabhraíonn an 'fada' leis an aduaine nó an uathúlacht nó an 'eile' a chur i gcéill - margaíocht, mar a dúrt.
Áthas orm go rabhas páirteach i N'fheadar Mé, rian le @big-boy-foolish.bsky.social, atá ar ghearrliosta Nós 2026.
Ó 2015 i leith bhíos bainteach le réimse tograí - An Bóthar, Imlé, Bruadar, Thatchers of the Acropolis - a ghóthaigh 18 ainmniúchán ar fad.
Grma @nosanseo.bsky.social as an tacaíocht!
ATT - ó Luan go hAoine - RTÉ RnaG.
An Taobh Tuathail broadcasts Monday to Friday on RTÉ RnaG.
You can stream almost every show since 2013 - and also check the playlist for each show - through the huge online archive on the RnaG site.
Scaip an scéal / pls share 🙏🏼
www.rte.ie/radio/rnag/a...
sea, scannán doiciméide den scoth a bhí ann - fuair duais nó dhó ag an am. Tá siad ar fad ag tabhairt an fhéir anois.
m'athair a dhein, bhíos ann le linn a dhéanta
Grma!
Dé hAoine ag a 6in i siopa leabhar Charlie Byrnes beidh cómhrá poiblí agam le Laoighseach faoina leabhar nua, Mainistir na Feola.
Feoil agus sonas. An dteastaíonn rud ar bith eile uaibh?
Ba mhór againn do chomhluadar agus dhá leabhar nua á seoladh againn – an cnuasach filíochta ‘Mainistir na Feola’ le Laoighseach Ní Choistealbha, agus an t-úrscéal ‘An Saol Sona’ le David Foenkinos, aistrithe ón bhFraincis ag Máirín Ní Mhárta.
An Aoine bheag seo i siopa leabhar Charlie Byrne’s - bí linn!
Tráthnóna Dé hAoine a bheas an ócáid seo ar siúl le dhá leabhar nua de chuid @barzazie.bsky.social a chur i láthair: Mainistir na Feola, an dara cnuasach ó @laoighseach.bsky.social & An Saol Sona, leagan Mháirín Uí Mhárta den úrscéal La Vie Heureuse leis an úrscéalaí Francach, David Foenkinos.
Grma!
Grma!
míle buíochas
Ag fágaint slán le Casla agus foireann iontach @rternag.bsky.social Dé hAoine - roinnt scríbhneoireachta le déanamh anois.
Tá clár a cúig den tsraith nua de Aistí ón Aer anois ar fáil ar na hardáin éagsúla.
Le clos ar an gclár seo tá píosaí le Naoise Dolan, Ray Cass, Colm Ó Snodaigh agus (casacht) mé féin.
Is féidir éisteacht siar ag an nasc seo:
www.rte.ie/radio/rnag/c...
go ndéana sé maith is sláinte dhuit
cloisim san go rialta
bhí sé sa bhailiúchán An Grá Riabhach
míle buíochas, ní raibh san feicthe agam.
measaim gur scrígh Biddy gearrscéal bunaithe ar scéal Ab Dhroimeanaigh
Nach san iolra ba cheart do chimney a bheith mar sin?
yea, deacair a rà. Measaim gur 'chimney' ainm an fhoirgnimh. Is ait liom é mar ainm.
Cén ceann atá ceart?
Táim mall leis na podchraoltaí agus ní go dtí anois a bhfuilim ag éisteacht le do phíosa @coliathain.bsky.social
Aiste thar a bheith spéisiúil -neamhghnáthach agus dea-chumtha. Bhaineas ana-thaitneamh as. Mo sheasamh ort!
www.rte.ie/radio/rnag/c...
Beidh an clár deiridh den tsraith nua de Aistí ón Aer ar siúl inniubh ag 2.05in ar RnaG.
Ach tá na píosaí go léir ó na sraitheanna go dtí seo ar fáil ar leithéidí spotify