Advertisement · 728 × 90

Posts by Oisín Mac Giolla Dhaltúin

Baile Mhic Líon, Co. na Mí freisin

2 months ago 0 0 0 0

Amach anseo, b'fhéidir!

2 months ago 1 0 0 0

Is mór an peaca é nár scríobhadh stair chuimsitheach na gcoilíneachtaí go sea, agus nach furasta a thíocht ar chartlann Choimisiún na Talún fiú

2 months ago 1 1 1 0

Chuala mé trácht air álraidht. Dúradh go ndeachaigh gaolta, nó comharsanaí leis na daoine ó Chorca Dhuibhne a thug aghaidh ar an Inbhear Mór go dtí Ráth Bhile, ach níor thuigeas gur ghabháltas de chuid Choimisiún na Talún é. Muintir Iarthar Dhuibhneach amháin a lonnaíodh ann, ab ea?

2 months ago 0 0 1 0

A chairde,

Cé is moite de Ráth Chairn, Baile Ghib, Baile Ailín, agus Cill Bhríde/An tInbhear Mór, an bhfuil aon eolas ag duine ar bith agaibh ar na coilíneachtaí Gaeltachta eile a bhunaigh Coimisiún na Talún in oirthear na tíre?

2 months ago 2 2 2 0
Post image

Ar tháinig mé ar amhrán ó aimsir an Ghorta mar gheall ar dhaoine ag caitheamh raithní i mBéal Feirste? Proto-Kneecap 🤔

2 months ago 4 1 0 0

Bhí a fhios agam go raibh cleasaíocht éicint ar siúl, é sin, nó botún mór millteach, ach ceachtar bealach tá sé craiceáilte gur úsáideadh na figiúirí úd. Cuireann sé amhras orm faoi chuile shórt eile ann.

2 months ago 0 0 0 0
Post image Post image

GRMA! Tá cuma níos cruinne ar na huimhreacha ansin, agus is mór idir an liosta sin agus an ceann sa tuarascáil. Titim 21% i Maigh Eo Thuaidh idir 2016 - 2022 dar leis sin, ach ardú 3.42% dar leis an tuarascáil, mar shampla. Difríocht nach mór 25%, is mór an difríocht é!

3 months ago 1 0 1 0
Advertisement

Dar leis an athbhreithniú ar na 10 limistéir pleanála teanga a foilsíodh inné, tháinig méadú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla GA i 9 gcinn de na LPTanna idir 2016, 2022, ach tá sé seo ag tíocht salach ar thorthaí an daonáirimh agus níl aon tagairt ann dos na figiúirí úd.
Cá bhfuarthas iad?

3 months ago 7 0 2 0

Is maith sin agus is breá liom an leabharlann, ach níor éirigh liom seirbhís trí Ghaeilge a fháil ann riamh!

Tugadh neamhaird ar r-phost Gaeilge a sheolas chugaibh freisin.

D'fhág mé glórtheachtaireacht i nGaeilge ar bhur nguthán tráth, agus fuaireas glao i nGaeilge mar fhreagra air, áfach.

3 months ago 4 0 0 0

Thar cionn uilig, cén méid cóipeanna a bhí sa gcéad chló? Beidh orm bogadh ar aghaidh (nó siar, is dóigh) chuig 'Súil an Daill' anois.

3 months ago 3 0 0 0
Post image

Bhain mé an-taitneamh go deo as an leabhairín seo. Sár-phíosa litríochta é gan agó. Táim cinnte go mbeidh caint air fós sna blianta fada amach romhainn agus daoine ag déanamh plé ar na leabhra is fearr den 21ú haois. Nár laga Dia thú @darachoscolai.bsky.social

3 months ago 6 0 1 0

Grmma, a chomrádaí! Ba é, gan dabht, nára fada uainn an chéad cheann eile!

3 months ago 1 0 0 0
Preview
An oíche is mó sa Hip Hap Gaelach... go dtí seo - NÓS Grianghraf le Jeaic Mag Fhinn. Is dóigh go raibh ceithre nó cúig bliana déag slánaithe agam nuair a scríobhas véarsa rapcheoil i nGaeilge den chéad uair, rud a fhágann go bhfuilim ag plé le véarsaíoch...

Scríobhas alt mar gheall ar oíche stairiúil i gcinniúint an Hip Hap Ghaelaigh a thit amach sa gCeannchathair Ibeirní le linn féile @imramfeile.bsky.social 2025.

Cúirt filíochta do chleachtóirí an chomhardaidh cathrach chomhaimseartha, tá ré an Hip Hap Ghaelaigh buailte linn.

nos.ie/cultur/ceol/...

3 months ago 7 1 1 0

Rinne mé dearmad glan air an méid sin. Grma!

7 months ago 1 0 1 0

Míle buíochas!

7 months ago 1 0 0 0
Advertisement

Thar cionn, grmma! Bainfimid triail astu ar aon chaoi. Is cinnte gur feiliúnaí iadsan ná na gnáthchláracha do dhaoine fásta ar RnaG lena raibh sí ag éisteacht go nuige seo!

7 months ago 1 0 1 0

An ann d'aon phodchraoladh Gaeilge do leanaí?

7 months ago 3 2 2 0
Post image

", cé a bheidh"?

Is léir gur meaisínaistriúchán ón mBéarla ", who will be" é seo. Céard atá ag tarlú leis an Údarás? An ea gur scríobh ChatGPT an bunfhógra seo i mBéarla agus gur úsáideadh Google translate lena iompú go Gaeilge?

10 months ago 5 2 1 0

Níor léigh mé Tairngreacht fós, ach bhain mé an-sult as Rún an Bhonnáin. Bhraith mé gurbh amhail le Da Vinci Code Gaelach é, agus taitníonn sé liom i gcónaí áiteacha/imeachtaí a bhfuil taithí agam féin orthu, fearacht Chlub an Chonartha agus an Oireachtais, a fheiceáil ar leathanaigh úrscéil!

10 months ago 3 0 0 0

Bíonn ciall níos leithne le "le chéile" agus ciall níos sonraí le "lena chéile", go hiondúil, áfach, cosúil leis an difríocht idir "together" agus "with each other" sa mBéarla.

11 months ago 1 0 0 0

2 ar lean) Mar shampla, is ionann "thug sé DOM é" sa nGaeilge agus "he gave it TO me" sa mBéarla, ach "dúirt sé LIOM é" sa nGaeilge agus "he said it TO me" chomh maith, cé gur ionann "liom" agus "with me". Moladh ginearálta don chainteoir Béarla a bhí san idirdhealú thuas.

11 months ago 1 0 1 0
Corpas Náisiúnta na Gaeilge Gaeilge ár linne in 100 milliún focal.

Dhá rud a déarfainn faoi sin:

1) Tá 115 sampla de "in iomaíocht le chéile" agus 248 sampla de "in iomaíocht lena chéile" ar corpas.ie.

2) Ní cóid chomhchosúla a bhíonn i dteangacha, go háirithe cinn nach bhfuil thar a bheith gaolmhar lena chéile fearacht na Gaeilge agus an Bhéarla.

11 months ago 1 0 1 0

Is é an fhadhb a bheadh agam le teanga neamhfhorleathan, ná go measfainn go mbeadh sórt impleachta ann gur teanga réigiúnach í, seachas teanga náisiúnta, nó idirnáisiúnta go deimhin, ó cheart í, a mionlaíodh i gcaitheamh na mblianta

11 months ago 3 1 0 0

Le chéile = together
Lena chéile = with each other.

Mar shampla: Chuadar ann le chéile agus iad ag caint lena chéile feadh an ama.

11 months ago 6 0 1 0
Advertisement

Teanga mhionlaithe, a mholfainn féin, óir teanga a bhíodh forleathan, ach a mionlaíodh d'aon turas í an Ghaeilge

11 months ago 4 0 0 0

Ach is mar v a fhuaimnítear é, dar le foghraíocht na Gaeilge.

Is minic a chloistear wótáil (vótáil) agus wóta (vóta) thiar, chuala mé trácht ar na wolunteers faoi cheannas Liam Uí Maoilíosa fiú.

Ba mhinic wery in ionad very, agus mar sin de, sna cuntais is túisce ar Bhéarla na hÉireann freisin

1 year ago 4 1 2 0
Post image

Bígí linn an Satharn seo! Scaipigí an scéal le bur dtoil. #gaeilge #foghlaimgaeilge

1 year ago 8 4 1 0

Fiche fiche cúig i gcónaí.

1 year ago 2 0 0 0

Tá ag sárú orm aon bhlúire eolais a aimsiú faoi ar Google, ná go deimhin aon rian de ar shuíomh na leabharlainne.

An bhfuil aon nasc ábhartha agat?

1 year ago 0 0 1 0