Advertisement · 728 × 90

Posts by Tomaí Rua

Post image

Oileán glas eile ag a bhfuil stair an-chasta is ea Srí Lanca ach amharctar ar chomharthaí ilteangacha ann mar chuid d'iarrachtaí athmhuintearais na tíre.

Más féidir leosan trí theanga a thaispeáint, ba cheart go mbeadh muidne in ann glacadh le dhá theanga (ar a laghad) in Éirinn nua amach anseo.

3 weeks ago 5 0 0 0

Gach rath ar an togra! Bheadh sé iontach don mhórcheantar trí chéile. Tá macallaí na Gaeilge go fóill sna cnoic.

1 month ago 1 1 0 0
Preview
Tionól na n-ainmhithe, an Ghaeilge agus athaontú na hÉireann - NÓS (Ealaín le Elisa Gambicchia) Chuala mé scéal ar na mallaibh faoi eachtra a tharla sa tréimhse i ndiaidh na hoighearaoise deiridh. Bhí na sruthanna sneachta i ndiaidh cúlú ó thuaidh agus an dúlra ag te...

Alt liom ar NÓS faoi chneasú na tíre agus ról na Gaeilge sa díospóireacht náisiúnta faoi Éirinn athaontaithe. Agus tá fabhalscéal i dtús an phíosa... an rud is annamh is iontach!

2 months ago 8 2 1 0

Á! Molt bé. Cé na dátaí a bheas tú anseo?

Má tá sibh ag iarraidh dul isteach sa Sagrada Familia, beidh oraibh ticéid a chur in áirithe. Ní bhím in Sitges go rómhinic ach má tá aon mholtaí uait faoin Bharsalóin féin, díreach abair liom!

2 months ago 0 0 0 0
Post image

'Cluas (agus croí) le héisteacht'

Alt liom faoin spioradáltacht ar Comhar na míosa seo. Ceannaigh cóip nó síntiús ar líne agus tacaigh leis na meáin Ghaeilge.

comhar.ie/iris/86/2/cl...

2 months ago 11 3 0 0

“Chun an brón, an t-ocras, an chogaíocht a dhíbirt, ní mór réabhlóid shíceolaíoch a bheith ann, agus is rud é sin nár mhian le mórán againn aghaidh a thabhairt air.”

Bhí an fhírinne ag Krishnamurti. Dá mba mhaith linn an saol seachtrach a athrú, caithfidh muid an saol inmheánach a athrú ar dtús.

2 months ago 1 0 0 0

Galánta a chara, tá súil agam go bhfuil an saol go maith libh thall - in ainneoin na n-ainneoin!

3 months ago 1 0 0 0
Advertisement
Post image

Freagra ar an domhan mhire ina maireann muid.

Con una bellissima illustrazione di Elisa Gambicchia.

3 months ago 10 1 1 0
Maitiú na Tamhnaí (1847-1923) - Diansaothraí agus Scoth Seanchaí · Cartlann Ghaeltacht Chonamara

Tháinig mé air seo, a bhuí le @omaoldomhnaigh.bsky.social

www.cartlann.ie/items/show/2...

Is cosúil gur dhúirt sé chomh maith go mbeadh Éire faoi uisce seacht mbliana roimh dheireadh an domhain - tuar atá píosa beag róghar don fhírinne is dócha!

3 months ago 1 0 0 0

Iontach ar fad, míle buíochas leat a Ré!

3 months ago 1 0 0 0

Cén tairngreacht í sin a Aonghuis?

3 months ago 0 0 2 0
Post image

Tá dúshláin gan áireamh romhainn mar speiceas - cogaíocht & slad, deighilt & saint, scrios timpeallachta & dícheangal daonna - ach ní mór dúinn coinneáil orainn & ár ndícheall a dhéanamh an solas, an grá & an muintearas a chothú níos mó ná riamh.

Gach rath ar gach neach i ngach áit in 2026.

3 months ago 6 0 0 0

Míle buíochas a chara, chuir Antain go mór leis an tsraith.

4 months ago 0 0 0 0

Is fiú go mór é. Ábhar suimiúil luachmhar ann!

4 months ago 1 0 0 0
Advertisement
Post image Post image

Go maire muid uilig na móimintí beaga nuair a thig siad chugainn.

4 months ago 2 1 0 0

Is deas liom sin a chluinstin a Lorna! Is mór an t-ábhar machnaimh a thugann gach aoi sa tsraith dúinn. Tá mé iontach sásta go bhfuil tú ag baint tairbhe as.

4 months ago 1 0 0 0

Dhéanfadh sin comhartha fáilte den scoth!

4 months ago 3 0 1 0
Video

Bhí an-chomhrá agam leis an Athair Brian Ó Fearraigh faoi na seanphaidreacha Gaeilge, an tart spioradálta atá ar dhaoine, agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra, le cois nithe eile.

Is féidir éisteacht leis an eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/218G...

4 months ago 13 4 1 0

Go raibh míle maith agat a Hanna, tá mé iontach sásta gur thaitin an plé leat. Tá bealach ar leith ag Antain le hábhar atá casta leitheadach a mhíniú... agus tá an greann ina chuidiú fosta!

5 months ago 2 0 1 0

Iontach snasta ar fad. Maith sibh!

5 months ago 1 0 0 0
Video

Seo gearrthóg ón chomhrá a bhí agam le @antainmac.bsky.social faoin chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh dúinn, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, & an dúshlán a bhaineann le téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge, le cois nithe eile...

Eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/20je...

5 months ago 12 2 2 0
Post image

Míle buíochas ó chroí leat a Mhíchíl D, agus gach beannacht agus rath ort a Catherine C. Ábhar misnigh agus dóchais a bhí san óráid a thug ár nUachtarán nua inniu. Go n-éirí go geal léi, agus ar aghaidh linn ar son na síochána, an cheartais agus an chneasaithe.

5 months ago 5 1 0 0
Post image

Dán beag a tháinig chugam an lá i ndiaidh an Oireachtais i mBéal Feirste.

5 months ago 7 1 0 0
Advertisement

nó 'liathrua' mar a chuala mé cúpla uair ag an Oireachtas!

5 months ago 2 0 0 0

Míle buíochas a Aonghuis! Agus fíormhaith, is deas an t-ainm é sin.

5 months ago 1 0 1 0

GRMA! Tá súil agam go bhfuil an saol go maith leat 😊

5 months ago 1 0 0 0

Níor phostáil mé anseo cheana óir ní mian liom a bheith ar líne barraíocht ach tuigtear domh gur anseo atá go leor de sheanfhondúirí na Gaeltachta digití, mar sin buailfidh mé isteach ó am go chéile!

5 months ago 9 2 2 0