Léirmheas ó @gearoidinc.bsky.social #med @eabhloid.bsky.social
nos.ie/cultur/leabh...
Posts by Éabhlóid
Ba mhór an pléisiúr é Sí le Seán Ó Muireagáin a léamh agus a phlé @nosanseo.bsky.social nos.ie/cultur/leabh...
Clúdach dearg an leabhair "Mo Chroí Gránúill" le Mohsen Hosseinkhani a thaispeánann cruth dubh duine leis na focail Mo Chroí Gránúill ina lár agus gránúll mar an litir o.
Eagla na gCrann
Croitheann na guaillí
Leis an gháire,
Leis an chaoineadh,
Leis an eagla.
Siúlann an eagla ó ghualainn go gualainn,
Féach chomh croite is atá an crann ina bhfuil piléar,
Is eagal leis na crainn máguaird go suífidh éan orthu.
Dán le Mohsen Hosseinkhani ón Iaráin
Íomhá den leabhar úr filíochta, Scéal ó Carolina, le hÁine Uí Fhoghlú a thaispeánann péire ag damhsa salsa ar an chlúdach agus cuireadh chuig an seoladh i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh Déardaoin seo teacht ag a 6:30pm
Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh leabhar úr filíochta le hÁine Uí Fhoghlú, Scéal ó Carolina, á sheoladh ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh i gcomhar le Roinn na Gaeilge i gCorcaigh Déardaoin. Beidh an file Airgintíneach Jorge Fondebrider i láthair. Buail isteach má bhíonn tú thart. UCC 6:30pm sa Quad
Íomhá a thaispeánann na teidil úra uilig ó Éabhlóid don bhliain 2025. Sí, Óid de Chaora Dhubh Jilebute, Mo Chroí Gránúill, Dordéan, I Muinín na nDúl, An Cleasaí Dubh, Fá Bhruach an Chladaigh, An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn agus Cloch in Áit an Charnáin
Teidil úra ó Éabhlóid ar fáil ón Siopa Leabhar i mBÁC, An Ceathrú Póilí i mBF, Charlie Byrnes i nGaillimh, Teach Thomáis & Siopa na Crannóige i nGD & Aerfort Dhún na nGall, chomh maith leis na siopaí leabhar eile is fearr sa tír - bronntanais dheasa don Nollaig
@ansiopaleabhar.bsky.social
Áine Ní Ghlinn faoin leabhar céanna ar @tusaite.bsky.social
www.rte.ie/radio/rnag/c...
Leabhar na Míosa ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
Sí le Seán Ó Muireagáin á phlé ag Michelle Nic Pháidín, Micheál Ó Ruairc agus Tristan Rosenstock ar an Cúinne Dána @eabhloid.bsky.social
www.rte.ie/radio/rnag/a...
Mar eolas daoibh, a Spéiríní. @loveleabhargaeilge.bsky.social @eabhloid.bsky.social @futafata.bsky.social
www.rte.ie/gaeilge/2025...
Mamaí Gé - bronntanas deas don Nollaig do pháistí - rannta le Gabriel Rosenstock agus ealaín le Kim Sharkey, ar fáil ó eabhloid.com
@kimsharkeyart.bsky.social
Mar eolas daoibh, a Spéiríní.
#Nollaig #Bronntanas
@loveleabhargaeilge.bsky.social
@eabhloid.bsky.social
booksirelandmagazine.com/shorter-book...
Comhghairdeas le Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín agus Máire Nic Mhaoláin atá ainmnithe do Ghradam Litríochta an Oireachtais i mbliana. Onóir mór dúinn a gcuid leabharthaí a fhoilsiú. Ádh mór leis na hainmnithigh uilig nuair a fhógraítear na buaiteoirí an mhí seo chugainn i nGaillimh.
✨Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2025!✨
Comhghairdeas leis na tithe foilsitheoireachta & na scríbhneoirí ar fad a bhain gearrliosta na bliana amach!🎉
Tuilleadh Eolais: www.antoireachtas.ie/gradaim-foilsitheoireach...
#Oireachtas2025 #LoveLeabhairGaeilge
Suimiúil an mhéid a bhí le rá ag Sarah ó Nielsen, gur lasmuigh d'Éirinn a aimsíodh 87% de na leabhair a ceannaíodh in Éirinn anuraidh. Is fiú dúinn tacú lenár siopaí leabhar Gaelacha agus ár gcuid leabhair a cheannacht ó shiopaí atá lonnaithe anseo, ar go leor leor cúiseanna.
Fáilte go Sárthaispeántas Áis - léargas ar a gcuid seirbhísí dáileacháin agus corparáideacha.
Fan go bhfeicfidh tú na leabhair Ghaeilge atá ar fáil do dáileoirí an fómhar seo!📚
@forasnagaeilge.bsky.social
Má tá tú ag obair i siopa leabhar, is fiú go mór leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do do chuid custaiméirí! 🤩📚
@forasnagaeilge.bsky.social
Seilf leabhar in Hodges Figgis leis an leabhar An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn ar bharr an liosta leabhair is mó díol
Aileen Crossley os comhar seilf na leabhair is mó díol in Hodges Figgis
Tá muid féin ag eitilt ag an scéala go bhfuil "An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn" uimhir 1 ar an liosta "Leabhair is Mó Díol" in Hodges Figgis. Is maith Aileen Crossley agus tá muid iontach bródúil as an saothar álainn atá déanta aici.
@aileencrossley.bsky.social @hodgesfiggis.bsky.social
Cur síos breá anseo ar leabhar úr Aileen Crossley a bheas á sheoladh ag Áine Lawlor 6pm Dé hAoine in Hodges Figgis i mBÁC. "An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn" - leabhar pictiúr do pháistí. Buail isteach don tseoladh! www.independent.ie/seachtain/sa...
eabhloid.com/siopa/madai-...
'Más ag pacáil le dul ar saoire atá tú, ba dheacair rogha léitheoireachta taistil níb’ oiriúnaí a mholadh ná an dá leabhar filíochta seo.'
@eabhloid.bsky.social 👏
tuairisc.ie/uaireanta-is...
Tá muid iontach buíoch do Mháirín Nic Eoin as a léirmheas thuisceanach ar leabhair Dhairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Cléirchín in Poetry Ireland Review 145. Bhí ócáid dheas a sheolta ann i gCearnóg Mhuirfean inniu le Máirín ag léamh dánta leis an dá fhile.
Read the full review here: ⬇️ booksirelandmagazine.com/warrior-woma...
@eabhloid.bsky.social @loveleabhargaeilge.bsky.social
‘Vulnerability is her superpower, her greatest weapon as a writer’
—Áine Ní Ghlinn reviews Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua, by Dairena Ní Chinnéide @eabhloid.bsky.social
booksirelandmagazine.com/warrior-woma...
Labhair an file Dairena Ní Chinnéide linn faoina cnuasach is déanaí Teacht Aniar: Meascra Dánta & Dánta Nua.
@eabhloid.bsky.social
'Only illustrate work that you enjoy doing, if you are happy with the process and the style, the finished project will be a lot more satisfying.'—Illustrator Graham Corcoran
@grahamartwork.bsky.social @theobrienpress.bsky.social @eabhloid.bsky.social booksirelandmagazine.com/under-the-co...
Léite, agus thaitin sé go mór liom. Mar a scríobh @aonghusoha.bsky.social ina léirmheas, seo 'aistriúchán a shaibhríonn saol liteartha na Gaeilge' agus aontaím leis. 👇
aonghus.blogspot.com/2024/02/athm...
Maith sibh @eabhloid.bsky.social 👏👏 Sár-leabhar. Maith í Máire Nic Mhaoláin a d'aistrigh.
Bhí oíche ghalánta in Aonad James Joyce anocht le Dairena Ní Chinnéide agus Síle Denvir ag seoladh leabhar úr Dairena
Dé Luain 6pm beidh muid ag seoladh leabhar úr filíochta Dairena Ní Chinnéide san ardchathair in Aonad James Joyce agus beidh Síle Denvir inár dteannta le ceol agus comhrá. Buail isteach más maith leat filíocht, ceol agus cuideachta. @jamesjoycecentre.bsky.social
Tá seastán againn inniu ag Comhdháil Ghnó na Leabhar in Éirinn in Óstán Galmont i nGaillimh. Béim acu i mbliana ar leabhair Ghaeilge. Is deas casadh le lucht leabhair na tíre agus ár gcuid leabhair a chur ina láthair.
Faigh do thicéad anseo do cheolchoirm speisialta sa James Joyce Centre le Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide mar chuid de cheiliúradh ar an leabhar úr filíochta 'Teacht Aniar' le Dairena Ní Chinnéide - 17ú Feabhra 6pm @jamesjoycecentre.bsky.social
www.eventbrite.ie/e/teacht-ani...
Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide ag seoladh 'Teacht Aniar', cnuasach nua filíochta Dairena, mar pháirt d'fhéile Tonnta in Amharclann Mick Lally i nGaillimh tráthnóna na féil' Bríde.