Samplaí de thaighde PhD
Logainm: Taighde a dhéanamh ar thacar mionlogainmneacha i gceantar ar leith, agus foirmeacha stairiúla na logainmneacha sin a rianú siar trí cháipéisí stairiúla agus ceartfhoirmeacha Gaeilge a mholadh más cuí; déanfar na torthaí a fhoilsiú ar Meitheal Logainm. Féach tráchtas Aindí Mac Giolla Chomhghaill (2024) agus tráchtas Justin Ó Gliasáin (2022).
Logainm: Staidéar comparáideach a dhéanamh ar chatagóir logainm ar leith e.g. ainmneacha aibhneacha, ainmneacha sléibhte. Corpas cuimsitheach de na logainmneacha sin a chur le chéile agus anailís a dhéanamh ar chursaí dáileacháin, pátrúin teangeolaíochta, stór focal etc. Leas a bhaint as bogearraí úrscothacha mapála agus físiú sonraí chun na torthaí taighde a chur i láthair.
Corpas: Sainchorpas nua a fhorbairt, as ábhar Comhar mar shampla, agus taighde a bhunú air. Féach tráchtas Katie Ní Loingsigh (2016).
Corpas: Taighde nua teangeolaíochta a bhunú ar Chorpas Náisiúnta na Gaeilge, e.g. iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den Ghaeilge atá ag athrú, anailís dioscúrsa bunaithe ar théama nó topaic ar leith, na comharthaí sóirt a bhaineann le réimse teanga áirithe a scrúdú (e.g. Gaeilge na reachtaíochta).
Canúint: Díriú ar réigiún nó ar chainteoir ar leith tríd an dtionscadal Canúint, rud a mhéadóidh an stór focal agus taifeadtaí atá ar fáil tríd an suíomh agus a ligfidh don mac léinn saineolas a fháil ar mhionchanúint ar leith. Mar shampla, d’fhéadfaí cláracha ‘Joe Daly sa Chúinne’ ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a thras-scríobh agus a chur ar fáil trí Chanúint. Díríonn na cláracha seo ar bhéaloideas agus ar chanúint Chorca Dhuibhne. Bheadh obair canúneolaíochta, téarmeolaíochta agus códú ríomhaireachta i gceist.
Dúchas: Taighde ar bhailitheoir nó ar ghné áirithe den bhéaloideas (féach tráchtas Michelle Dunne (2023)).
Ainm: Tionscadal ina ndíreofaí ar Ghaeilgeoirí Mheiriceá Thuaidh (SAM, Ceanada).
Ainm: Tionscadal ina ndéanfaí iniúchadh ar bhearnaí sa bhunachar (e.g. gannionadaíocht ar mhionlaigh ar leith).…
🎓Déan PhD le Gaois🎓
🎓Taighde ar ghné den obair againn - logainmíocht, an aimneolaíocht, taighde téarmeolaíochta, corpais, canúintí, béaloideas, teicneolaíochtaí teanga
🎓Stipinn €25k
🎓Beidh tú páirteach i bhforbairt na dtionscadal
🎓Iarratas faoin 30 Samhain
🎓Eolas: www.gaois.ie/ga/blog/dha-...