Advertisement · 728 × 90

Posts by John Prendergast

Video

Goideadh uainn ár logainmneacha, níor tháinig deireadh leis an gcoilíneachas riamh.

Le hAthGhaelú, déanaimid athshealbhú orthu. Iarrann AthGhaelú ar dhaoine, pobail & eagraíochtaí logainmneacha Gaeilge a úsáid in ionad cinn Bhéarla.

Sínigh an Gealltanas Logainmneacha anois ag cnag.ie/athghaelu ✊

4 days ago 6 3 0 0
Poster for Ceolchoirm don Phalaistín, concert for Palestine. With music from Sailhymn, Seamus Harty, Aniar & More. Sunday, 5th April at 8pm in the Greyhound Bar Tralee, Co. Kerry. Tickets €15, can be bought at the door, from Marias Wool Shop, Tralee or by scanning the QR Code on the poster. Organised by Cumann Shóisialta Tralee in association with Trá Lí le Gaeilge and Kerry IPSC. Proceeds will go towards Irish Humanitarian Organisations Gaza go Bragh and Tea Collective.

Poster for Ceolchoirm don Phalaistín, concert for Palestine. With music from Sailhymn, Seamus Harty, Aniar & More. Sunday, 5th April at 8pm in the Greyhound Bar Tralee, Co. Kerry. Tickets €15, can be bought at the door, from Marias Wool Shop, Tralee or by scanning the QR Code on the poster. Organised by Cumann Shóisialta Tralee in association with Trá Lí le Gaeilge and Kerry IPSC. Proceeds will go towards Irish Humanitarian Organisations Gaza go Bragh and Tea Collective.

Ticéid fós ar fáil le haghaidh Ceolchoirm don Phalaistín - Dé Domhnach, 5ú Aibreáin sa Greyhound Bar, Trá Lí. Fáilte roimh chách! ❤️🖤🤍💚 🍉

#palestine #saoirsedonphalaistín #ceol #livemusic #concert #trálí #trálílegaeilge #ceoilgaelach #irishmusic #imeachtaígaeilge
#🍉

2 weeks ago 5 2 0 0

Ana cheapacháin, go n-éirí leo.

3 weeks ago 0 0 0 0

Ardfhear, a Dhochtúir!!

1 month ago 1 0 0 0

An cheist cé a bheidh ar na coistí sin. Anois cheana féin tá ganntanas daoine le saineolas agus taithí sa phleanáil teanga agus tá ganntanas deiseanna na saineolaithe a chruthú agus a chothú.

1 month ago 5 3 1 0

Mholas leanúint le cur chuige na gConnallach agus na nGaillimheach — meascán do bhaill tofa, bainisteoirí sinsireacha, OPTanna ⁊ grúpaí/saineolaithe áitiúla

1 month ago 1 0 0 0

Ana mhórálach as Luke (agus Eimear & Sadhbh leis a labhair) a dhein cur síos cuimsitheach ar na deacrachtaí atá roimis ghlúin óg na Gaeltachta ag an gComhchoiste Gaelainne inné, tithíocht & teanga fite fuaite lena chéile. Fear iontach atá ar thaithí oibre linn fé láthair!

1 month ago 6 1 0 0
Preview
Glactha sa Dáil le rún faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach amhras ann ar thuig an tAire Tithíochta é Chinn an tAire Tithíochta James Browne gan cluasáin ateangaireachta a chaitheamh sa Dáil aréir le linn díospóireachta a raibh a formhór i nGaeilge

Glactha sa Dáil le rún faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach amhras ann ar thuig an tAire Tithíochta é

1 month ago 2 1 0 0

Agus an ceart ar fad agat, a Ribe uasail.

1 month ago 0 0 0 0

Ceist fhánach anso uaim ach deirim ana mhinic as Béarla “conas atá agat an aimsir seo?” / “how are you this weather?” ⁊ is beag Béarlóir gan Ghaelainn a thuigeann nach bhfuilim ag caint ar chúrsaí aimsire ach ar chúrsaí ama.

‘mBíonn a leithéid d’fhadhb ag daoine eile? ‘Bhfuil hotline ann dó seo?

1 month ago 7 0 4 0
Advertisement
Video

An clabhsúr is ceolmhaire agus is cuileachtúla le cruinnithe lae oibre ar an Aoine, agus Clíona Ní Ghallachóir le Comhairle Contae Dhún na nGall dár dtabhairt an bóthar abhaile lena leagan den gCruiscín Lán in Halla na Cathrach sa Ghaillimh.

2 months ago 3 0 0 0

An ceart ar fad agaibh.

3 months ago 2 0 0 0

#1 is dóigh liom cé nach bhféadfainn a rá gur saineolaí mé!

3 months ago 1 0 0 0

😩😩

4 months ago 3 0 0 0
Preview
‘Tá imní orm maidir le cad a tharlóidh, cá bhfuil ár dtriall?’ – frustrachas faoi ‘rúndacht’ maidir le cúrsaí pleanála teanga Deir Aire na Gaeltachta go dtuigeann sé an frustrachas atá ann faoin moill ar athbhreithniú ar an bpleanáil teanga a bhí le foilsiú in 2024 ach ní raibh sé in ann a rá cén uair a fheicfear é

‘Tá imní orm maidir le cad a tharlóidh, cá bhfuil ár dtriall?’ - frustrachas faoi ‘rúndacht’ maidir le cúrsaí pleanála teanga

4 months ago 2 1 0 0

Ana áthas orm seo a fheiscint! Maith thú féin a @orlaithniici.bsky.social

4 months ago 3 0 1 0

Ana lá caide d’fhearaibh Chorca Dhuibhne huppppp

4 months ago 1 0 0 0

100%. Cé go bhfuil rudaí ana dhearfach agus idé-eolaíocht níos fearr anois ann i measc na nÉireannach, tá go leor fadhbanna bunaidh ann gur gá a réiteach sara mbeidh aon dul chun cinn déanta.

5 months ago 4 0 0 0
Advertisement

Caithfidh an Rialtas gníomhú ar a thromhchúisí is atá na firicí loma seo. Alt éachtach ó Róisín ⁊ ón Ditch thíos. Ní thuigeann na hAirí suntas na tuairisce seo ⁊ a bPlean Tithíochta foilsithe acu ⁊ foilsiú treoirlínte pleanála tithíochta Gaeltachta curtha siar acu aríst is aríst eile ó 2021.

5 months ago 9 6 0 0

An ceart agat is dóigh liom, bheadh suirbhé nó monatóireacht níos rialta níos cabhraí ⁊ níos cruinne chun treocht a oibriú amach ná daonáireamh fhéintuairiscithe gach 5 bliana. Scóip ceisteanna ar chleachtas teangan níos dírithe a chur ansan, fiú muna mbeadh ann ach sampla. Folús ann fé láthair!

5 months ago 2 0 1 0

An labhrann tú Gaelainn age baile/ cad í teanga do thí? An í do chéad teanga í? Minicíocht úsáide (atá ann anois go pointe ach doiléir), cumas labhartha agus suíomhanna úsáide. An firic is tábhachtaí ná oibriú amach cén líon cainteoir laethúil atá ann is dóigh liom agus conas cur leis sin

5 months ago 7 3 3 0

🤣

5 months ago 1 0 0 0

Agus muna mbeadh an córas ainmniúchái. chomh dian san bheadh daoine ar nós an boc san McGr*ggor nó eile ar an bpáipéar ballóide agus airgead daoine eile taobh thiar dóibh mar atá déanta i dtíortha eile 🥲

5 months ago 4 1 1 0

Óráid cumhachtach a thug ardú croí dom ag an Uachtarán nuathofa Catherine Connolly, agus sin i bpríomhtheanga oifigiúil na tíre ar dtúis aici. Ana bhaoch aisti, ag am ina bhfuil bagairtí daonlathacha agus míshocracht pholaitiúil i réim in ana chuid tíortha eile. #Áras25

5 months ago 17 3 0 0

Díreach ceannaithe agam ansan!

5 months ago 2 0 1 0
Preview
a close up of a dog 's face with its eyes closed and looking at the camera . ALT: a close up of a dog 's face with its eyes closed and looking at the camera .

Seo pic D díom ag cuimhneamh ar an morgáiste nach mbeidh riamh agam anois toisc mo phic B uair sa ráithe

6 months ago 4 1 0 0

€3.80 anois daoibh siúd a bhfuil spéis agaibh sa scéal. #BoilsciúBharry’s

6 months ago 3 0 1 0
Advertisement
Post image

Ag súil leis na mílte duine ag agóidíocht ar sráideanna Bhaile Átha Cliath ar an 20/09 — scaip an scéal agus beir cara nó beirt leat!

7 months ago 1 2 0 0

Maith thú!

7 months ago 1 0 0 0
Post image

Ar bís dul an Picnic Leictreach i mbliana agus bheith ar phainéal phodchraolta leis na móruaisle seo fé stiúir an laoich í féin Emma Ní Chearúil. Buailíg isteach daoibhse a bheidh timpeall! @electricpicnic.bsky.social @forasnagaeilge.bsky.social @raidionalife.bsky.social

7 months ago 6 1 1 0