Advertisement · 728 × 90

Posts by Conchúr Mag Eacháin

Tá mé buartha fá do thrioblóid a chara. Suaimhneas síoraí dó

2 days ago 3 0 0 0

😅

1 week ago 1 0 0 0

An-deas. Char éirigh liom dul chomh fada leis an cheann sin go fóill. Ach tuigim gurb ann dó cgl

2 weeks ago 1 0 1 0
Corpas

corpas.ria.ie/index.php?fs...

2 weeks ago 1 0 0 0
Post image

Seanfhocal ag an Muimhnigh, seans go bhfuil luaite agam ansin.
Domhnach na Pailme agus Satharn Cásca an ghrian ag rince le háthas. Nó rud éigin mar sin.

Tím go bhfuil mé ag teacht le Humphrey. Phew 😄

2 weeks ago 1 0 1 0
Post image

seangShatharn 🤔

dil.ie/37139

2 weeks ago 1 1 1 0

Mmmm Holy Saturday a thug mé air cupla lá ó shin sa teangaidh eile...ach Satharn Cásca a rithfeadh liom i nGaeilge. Aisteach. Déarfainn gurb é sin is coitianta, d'fhág na foinsí lorg orm

2 weeks ago 1 0 1 0

Deas. Is maith go mbíonn faisnéiseoirí thiar agat, bail ó Dhia orthu!

2 weeks ago 5 0 1 0
Preview
Rabharta Mór na nÉan Tá sé de nós agam súil laethúil a chaitheamh ar shuíomh Nuacht1.com  le go bhfeice mé céard iad na hailt ar na meáin ba mhaith liom a léamh....

Blagmhír daoibh, a Spéiríní.

@mageachain.bsky.social @conallach.bsky.social @riberoibeis.bsky.social @nilochnain.bsky.social @polrua.bsky.social @conraoi.bsky.social @carrolldelma.bsky.social

ramhaille.blogspot.com/2026/04/rabh...

2 weeks ago 21 6 10 1
Advertisement
Post image Post image

Deas. Tá sé doiligh An Béal Beo a bhualadh!

Cúpla rud eile ó Foirisiún Focal as Gaillimh agus Ceathrú Thaidhg (BnaS)

www.duchas.ie/en/cbes/4427...

2 weeks ago 3 0 0 0
Post image

Sea mar atá ag Séamus. An rabharta a bhíos ann i dtús mhí Aibreáin/Bealtaine go hiondúil agus an rabharta is mó sa bhliain.
Déanann na héin a neadracha sa bhruth fá thír nó os a chionn agus an tuiscint acu go mbeidh siad slán
.
Píosa ó An Béal Beo

2 weeks ago 7 1 1 0
Post image

Cha dtáinig mé riamh ar shaintéarma dúchasach go fóill. Crann ceirteacha a úsáidim féin agus é feicthe agam i gcorráit eile. Is maith liom an uaim!

Pléadh é go hachomair abhus tamall ó shin. Bratóga a bhí ag @lillis.bsky.social ar na píosaí éadaigh féin.

www.from-ireland.net/customs-seve...

4 weeks ago 3 0 3 0
Póstaer 'Logainmneacha na hÉireann: na focail choitianta'

Póstaer 'Logainmneacha na hÉireann: na focail choitianta'

Clúdach an Irish Times, 10.03.26

Clúdach an Irish Times, 10.03.26

Tá sceitimíní orainn anseo in @fsg-dcu.bsky.social póstaer de logainmneacha na hÉireann a fheiceáil san @irishtimes.com inniu. Bíonn neart eile le feiceáil ar chuntas @logainm.bsky.social! #SnaG26 #Gaeilge

1 month ago 22 6 0 0

Píosa as 'Leinster Feis', focla Gaeilge i mBéarla Chúige Laighean (Cill Chainningh sílim) i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge 1901

1 month ago 1 0 1 0

Seachtain na Gaeilge: 2 sheachtain
Seachaint na Gaeilge: 50 seachtain

1 month ago 19 2 1 0

An-chaint ar fad a Pheadair.

1 month ago 1 0 1 0
Preview
DIALANN TUAIRISC: Gradaim nua do na polaiteoirí is mó a chuir le siamsaíocht Sheachtain na Gaeilge sa Dáil… San eagrán speisialta seo de Dhialann Tuairisc bronntar den chéad uair na DTs, gradaim speisialta do na Teachtaí Dála is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn le linn Ráitis Sheachtain na Gaeilge sa Dáil

DIALANN TUAIRISC: Gradaim nua do na polaiteoirí is mó a chuir le siamsaíocht Sheachtain na Gaeilge sa Dáil…

1 month ago 7 4 2 2
Preview
An creideamh, an Ghaeilge agus na cnámha aduaine An scéal neamhghnách faoin tslí ar tharla sleachta Gaeilge a bheith scríofa ar chnámha beithígh

Léacht Am Lóin le @pomuirch.bsky.social amárach! Tuilleadh eolais anseo: www.tickettailor.com/events/royal...
Agus foilsíodh alt san Irish Times De Luain seo caite!
www.irishtimes.com/gaeilge/tuar...

1 month ago 4 3 0 0
Advertisement
Post image Post image

Bhí mise ag smaoiteamh go mbeadh scéal ann gur lorg ghlúine Laichtín a bhí iontu ach char tháinig mé air. Deirtear nach ionann dath an uisce sa dá bhallán ach char thug mise aon rud fá deara

www.duchas.ie/en/cbes/4921...

1 month ago 1 0 0 0
Post image Post image Ofrálacha airgid. Gearrann an cuairteoir cros ar an chloch mhór le cloch bheag

Ofrálacha airgid. Gearrann an cuairteoir cros ar an chloch mhór le cloch bheag

Post image

Tobar Laichtín, Cloch Eidhneach. Naomhphátrún Chill na Martra.

Dhá bhallán mhóra atá i gceist. Bhí brionglóid ag bean dhall fán tobar seo - chuaigh sí ann, nigh sí na súile leis an uisce is leigheasadh í (de réir an bhéaloidis 😄)

Naisc:
www.logainm.ie/ga/11350

www.duchas.ie/en/cbes/4921...

1 month ago 7 0 1 0
Post image

Tart i ndiaidh na tiomána. Is fíor-rud é.

2 months ago 4 0 0 0
Post image Post image Post image Íosa

Íosa

Tuilleadh ó Ghuagán Barra

2 months ago 5 0 1 0
Post image Post image Post image Post image

Lá riabhach i nGuagán Barra ach sásta gur éirigh liom cuairt a thabhairt ar an áit seo faoi dheireadh

www.logainm.ie/ga/108550

2 months ago 10 0 1 0

Tom Cruise .... 10/10 don randamacht 😅😅

2 months ago 7 1 3 0
Post image Post image

An méid seo in Irish Names (Ó Corráin & Maguire) dála an scéil

2 months ago 2 0 0 0

Sea bíonn Mo sna hainmneacha ceana cgl

2 months ago 0 0 0 0
Advertisement

FAB, samhlaím gur tagairt don luath-Ghaeilge é an méid atá ag Woulfe ach cá bhfios! Seans go dtiocfaidh muid ar rud nó dhó eile go fóill

2 months ago 0 0 1 0

Nó ag @aofionnagain.bsky.social b'fhéidir

2 months ago 1 0 0 0

...seans go mbeadh tuilleadh eolais ag daoine atá ag plé leis an tSean/Mheán-GA @davidstifter.bsky.social

2 months ago 0 0 1 0
Post image

Cha dtáinig ach bhí mé ag caint le duine le déanaí faoin ainm Fionnbharra agus Barra. Bhí mé ag déanamh go mbeadh rud éigin ag Pádraig Ó Riain ina Dict. of Irish Saints. ach chonaic mé go rabh alt aige faoin naomh chéanna...
corkhist.ie/wp-content/u...

2 months ago 2 1 2 0