Suaimhneas síoraí dó. Dán ciúin álainn é sin ina onóir.
Posts by Cathal Seoighe
Níl mise ina measc, pé scéal é (ar mo dhícheall anseo ag iarraidh srian a choinneáil ar mo shamhlaíocht).
An bhfuil leagan nua-Ghaeilge ar fáil?
Ah.... b'as Gaoth Dóbhair don mhúinteoir Gaeilge a mhúin dúinn é agus bhí an-dúil aige i Séamus Ó Grianna. Is dóigh gur ansin a fuair seisean é maith go leor. GRMA! 🏆
Struchtúr sách cosúil (ach is dóigh go bhfuil go leor manaí ar an struchtúr sin). Níl an chiall chomh cosúil sin, dar liom.
Is minic amhlaidh
Beidh orm fanacht go ndúisíonn @kingdonncha1.bsky.social mar sin
Mana a d'fhoghlaim mé ar scoil (dúradh linn, más buan mo chuimhne, go raibh sé luaite leis na Fianna): Comhrac don duine láidir, cosaint don duine lag, croí mór, fairsinge agus féile
D'fhan sé liom, ach cad as a dtagann sé? Ní fheicim aon áit ar líne é (seans nach bhfuil sé baileach ceart agam).
Oíche Bhealtaine an t-ainm atá ar an gcnuasach
Tá sé sách fada - dhá leathanach déag. Tá idir leisciúlacht orm agus leisce cóipcheart an file a shárú.
Léigh mé sár-dhán Biddy Jenkinson, Oíche Bhealtaine ar Mhulach Uisnigh, inniu... a bhfuil matamaiticeoir darbh ainm Fiontán Naofa ann. Maith dom é @fintan-galway.bsky.social má bhíonn leasainm nua agam ort 😉
Mise ag ól as mo chupán a bhfuil mant anois ann tar éis dó titim as mo lámha agus mé á ní.
Mo chupán leis an mána "Muga gan mháchail, is do chuile dhuine é. Muga le mant don lámh dheas nó lámh chlé"
Tá srón mhór agamsa, tá mant i mo chupán (díreach san áit cheart), nach maith mar a oireann muid dá chéile? Agus is cupán don deasóg cosúil liomsa atá ann anois! Feictear dom gurb iad ár lochtanna a thugann daoine le chéile chomh maith scaití (namhaid fíorghrá foirfeacht).
@laoighseach.bsky.social b'fhéidir go dtiocfaidh tú linn i mbliana
A dhiabhail! Is dóigh liom go ndéanaim (ní dhéarfainn 'uachtar róite' mar shampla). Ba bhreá an rud reothriomaitheoir a bheith ag duine agus bhí me á gcuardach ach faraor tá siad costasach. Níl a leithéid de rud agus ró-thriomú más fadsaol ar bheatha atá uait, de réir mar a thuigim.
Ceannaigh púdar úr ach ná caith amach an méid atá agat. Is cosúil gur gá do thaisce ghéarchéime a roinnt leis na comharsana 😉 www.theguardian.com/food/2026/ap...
Tá oighinn mhóra
Sna hionaid shonraí
Ina chaitear na giorriacha geala
Is sin é an fáth nach bhfuil anois
Aon tuairisc ná aon tásc air
Ach tá súil le Dia agam
Nach bhfaigheann siad greim
Ar Bunny bocht na Cásca
www.universityofgalway.ie/about-us/new...
Pláinéad nua EILE aimsithe ag scoláire PhD in @Ollscoil na Gaillimhe @uniofgalway.bsky.social
Diabhal fhios agamsa, a chomrádaí.
An bhfaca sibh rentahuman ponc ai go fóill? Suíomh a thugann deis do ghníomairí IS daoine a chur in áirithe do thascanna a bhfuil gníomh sa bhfíorshaol ag teastáil dóibh. Is féidir clárú saor in aisce, má tá fonn oraibh a bheith i mbarr an scuaine le friotháil a dhéanamh ar ár máistrí nua.
Feicthe ar líne (i mBéarla) inniu: Comhartha luí na gréine scáil fhada ar fhir bheaga
Seanfhocal Síneach, más fíor (agus fíor fiú murab ea).
Sár-fhocal (nár agraí Dia ort é!)
Alt spéisiúil. Maidir le huimhir a 4: Is cuimhin liom mo mhac ag teacht abhaile ón mbunscoil (gaelscoil) lá amháin a rá go ndúirt duine dá chairde leis an múinteoir "Leak bottle James!" Abairt gan aon fhocal Gaeilge ann, ach Gaeilge a bhí á labhairt aige ina intinn féin.
Ní bheadh an tuiscint sin agamsa ar an mBéarla ach oiread.
Ach dá mbeifeá ag iarraidh an gháirsiúlacht agus an láthair anatamaíoch a choinneáil: Chuir siad a mbundúin dhearga amach, b'fhéidir. Iarracht atá i gceist leis sin seachas an rath a bhí ar an iarracht (bhuel toradh na hiarrachta, is dóigh)
Ós ag caint ar bhundúin atáimid... ar chuala tú céard a thugann siad ar an gcolgrach??
Ní fhios agam an oibreodh sé i nGaeilge. Tá cuid den mhargadh sin ag brath ar an gcoimhthíos feictear dom, agus is deacair rud coimhthíoch diamhair a dhéanamh den Ghaeilge agus tú ag scríobh i nGaeilge.
🙂🙏
Tá ríméad orm gur thaitin sé leat!
Breá sásta é sin a dhéanamh, má bhíonn an deis agam chuige!
Ardaíonn, cé gur lú i bhfad an seans go mbeadh athrú ar leith chun do leasa ná chun d'aimhleasa. Mar a tharlaíonn sé, tá togra idir lámha faoi láthair againn inar dóigh linn go bhfuil eiseamláir den dara chineál aimsithe againn. Beidh le feiceáil an bhfuil na piarmheastóirí ar aon intinn linn.