Tá mé cinnte go bhfuil contúirtí ag baint le AI ach díol spéise an dóigh ar aithin siad ar an toirt gur AI a chruthaigh é.
Posts by Pat McCarron
Ag baint triail as AI a bhí mé. D'iarr mé ar ChatGPT an íomhá a chruthú, mé ag déanamh nach mbeadh sé ábalta. Dála an scéil dhiúltaigh Reddit don phostáil as siocair gur aithin siad gur AI a chruthaigh é.
Cad é an Ghaeilge ar political football?
Bíonn duine inteacht i gcónaí níos measa as ná tú féin.#Gaeilge
Inniu Máirt Inide. Ón fhocal Laidine 'initium' a chiallaíonn 'tús'.
Pizza, pasta and politics. The Royal visit to Rome.
Chuirfeadh sé thar an abhainn tirim thú.
Déarfá sin fá dhuine atá ar dóigh ag cur comhairle ort ach nach dtabharfadh aon chuidiú praiticiúil duit.
Creamhghort - Cranford idir Baile na nGallóglach agus Carraig Airt i dTír Chonaill.
Is iontach an Príomh-aire é Kier Starmer.
Tá dáimh aige leis an phobal. Tá sé mealltach agus tá sé go hiomlán iontaofa. Agus a fheabhas a rinne sé le pinsinéirí, feirmeoirí agus daoine faoi mhíchumas. Fear an-mhacánta ar fad.
Go raibh Lá na nAmadán maith agaibh.
Ag brú ar an doicheall.
An tuiscint atá le baint as - ní raibh a leithéid de dhuine ann agus Fionn Mac Cumhaill.
Is iad na muca ciúine a itheas an mhin.
Cad chuige ar thiomáin Naomh Pádraig na nathracha nimhe amach as Éirinn?
Mar go mbeadh sé róchostasach iad a chur ar eitleán.
Tá daoine ann nach bhfuil féintuiscint ar bith acu.
Lus an chromchinn faoi bhláth ag Sráid Fhathain in aice le Ballaí Dhoire. Tá sé ina Earrach.
Páirc Brooke i nDoire tráthnóna inné. Lá deas Earraigh.
Trí huaire ina Ardmhéara ar Londain.
😂
Go maith, a chara. Ag baint triail as rud a dtugtar Fedica air. Ceanglaíonn sé Twitter agus Bluesky le chéile más fíor. Bhí obair agam leis 😂
Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin.
Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas.
Maith nó olc leat é - whether you like it or not.
Inniu Máirt Inide. Ón fhocal Laidine 'initium' a chiallaíonn 'tús'.
Dhá chluais chapaill ar Labhraidh Loingseach.