@lexiconista.bsky.social !
Posts by Donncha ar Imeall an Domhain
an banphrionsa
an banbharún
an banfhile
an bangharda
an banlaoch
ACH
an BHantiarna
Conas sin?
@dirkvanbryn.bsky.social @lexiconista.bsky.social
Céard atá air?
Glen Imaal.
Céard a bhí air?
Gleann Uí Mháil.
I nGaeilge is ionann “guilbneach” agus 1) gob géar agus 2) an t-éan Limosa limosa. Tá an focal “guilbnén = gob gearr” againn i ndán Sean-Gh faoi éan eile, an lon. Is dóigh liom gur féidir an dán sin a thuiscint sa bhunteanga gan Nua-Gh a chur air. Fíor?
@lillis.bsky.social @murchadhmor.bsky.social
Guilbneach an t-ainm atá an éan sin i nGàidhlig. (Éan eile a bhfuil cosa fada agus gob fada air atá sa ghuilbneach Gaeilge.)
@calligraphyoutside.bsky.social
Conas a déarfá “interrogating a paradigm” i nGaeilge? Conas a déarfá i mBéarla é?
“chai tea” = tae tae
Is dócha go bhfuil samplaí eile mar sin ar an mbiachlár.
👏🏼👏🏼👏🏼 Is fearrde muid jóc.
@aonghusoha.bsky.social (Ós tusa a d’athphostáil é seo) B’fhéidir gur cheart dóibh a mbod a thabhairt amach agus thomhas go poiblí? 🤔🍆🥕
* ámharaí
Lá mall anseo ar 🦋. Tá sé chomh maith agam update ar na héin a phostáil. Tá a dteach ar bhalla mo thí ach is iad mo chomharsana a fheiceann é óna gcistin. Ar amharaí an tsaoil tá an-suim acu i n-éanacha. Dúirt siad liom gur gearrcach é seo, éan úrnua a bhfuil a chuid clúimh air anois.
😢
An duine a bhí i ndaoirse, tá sé saor anois. ⛓️💥 Is cosúil go bhfuil an míniú sin ag teastáil ó Wiktionary.
Tandragee (Tóin Re Gaoith) Idol
Is fíor gur inbhear is ciall le “gaoth (fir.)”, ach nach ainmfhocal baininscneach sa tuiseal tabharthach “gaoith”? Cf. cluas~cluais, lámh~láimh, ⁊c. Tá an tOileán breac leis an logainm sin, agus leis an leagan ársa de .i. Tóin Re Gaoith.
Focail curtha i bhfearas le cúram, clocha curtha i leacht.
Yikes. Níor aithin mé gurb ionann Loch na hOnchon agus Lough Nahanagan.
Is cuimhin leat mar sin go raibh suim ar leith agam san onchú cúpla bliain ó shin.
nimill.blogspot.com/2009/11/onch...
Alt suimiúil. Ceann deas eile ná “isteach sa teach”. Tá mé ag smaoineamh ar figura etymologica na Sean-Ghaeilge anois. An bhfuil ceann acu agat le roinnt linn?
Scríobh mé “fínéagar fíona” ar an liosta siopadóireachta. Ansin bhreathnaigh mé air. Ansin smaoinigh mé, “Tá fíon ann faoi dhó.” Ansin d’fhiafraigh mé díom féin, “An bhfuil ainm ar a leithéid i gcúrsaí reitrice nó teangeolaíochta?” @lexiconista.bsky.social @murchadhmor.bsky.social
Tuigim an fáth go bhfuil ainmneacha éagsúla, baineann agus fireann, ag éanlaith feirme: gé ⁊ gandal, cearc ⁊ coileach. Ní dóigh liom go bhfuil an tábhacht chéanna leis an lon dubh, ach féach, tá ainm da cuid féin ag a chéile, an chéirseach.
Agus … mmm … trialach? Nó an céim ró-fhada é sin?
Duine de na daoine sí a bhí ann, gan dabht.
Nuair atá ionadh ar dhuine a thug a vóta do MhAGA nach chun a leasa atá sé.
@why.bsky.team So what happened here yesterday?
Céard is ciall le “region” sa chomhthéacs sin?
Ag siúl ó mo ghearradh gruaige go dtí an bácús inné tharraing an íomhá sin mo shúil agus mé ag trasnú na sráide. Thóg mé an grianghraf go sciobtha le nach mbeinn féin i mo chuid de phábháil!
Agus tá cadhnraí cliste ann anois nach cadhnraí leictreacha. Ceangal leis an Mór-roinn? Nach bhfuil Éire sách mór le bheith ina córas dúnta?
An phábháil faoin bpábháil.
Má tá fuinneamh in-athnuaite le forbairt in Éirinn, cé acu ceann is fóirsteanaí, gaoth nó grian nó ….? 💨☀️🌊