Advertisement · 728 × 90

Posts by Liam Ó

Post image

i bhfad níos binne sa Ghaeilge

2 weeks ago 3 0 0 0

A chairde, cad é an bunteideal ceart don dán cáiliúil - "Subh Milis", nó "Subh Mhilis"? Tá an dá leagan ann ar an idirlíon agus nílim cinnte. Tá a fhios agam go bhfuil gramadach níos caighdeánaí ag "subh mhilis", ach tá suim agam cén leagan a bhí sa bhunleabhar

4 weeks ago 1 0 0 0

Ar dtús, na Brits, anois, genAI. Nár fhulaing Éire a dóthain crá?

1 month ago 1 0 0 0
Post image

Is beagnach hatecrime é seo. Ba cheart íomhánna genAI ar fad a chaitheamh sa bhruscar

1 month ago 3 0 3 0

An spraoi leis na daltaí aréir: an difríocht thábhachtach idir "Is Francach mé" agus "Is francach mé" 🇫🇷🐀

1 month ago 0 0 0 0

Cú Faoileáil 🐕🚁

1 month ago 3 0 0 0
An chéad leathanach as Táin Bó Cuailnge RIA MS 24 B 1

An chéad leathanach as Táin Bó Cuailnge RIA MS 24 B 1

Alt gearr faoi lámhscríbhinn san Astráil ina bhfuil leagan den Táin a bhreac Seosamh Ó Longáin síos. mailchi.mp/ria.ie/royal...

1 month ago 9 3 2 0
MS Táin Bó Cuailnge (Australia: Newman College and St. Mary's College)

Tá an téacs iomlán ar fáil ar líne! www.isos.dias.ie/AUS1/AUS_MS_...

1 month ago 1 0 0 0
Post image

A chairde i Melbourne - beidh Pop-up Gaeltacht ann Dé Domhnaigh seo chugainn. B'fhéidir go bhfeicfidh mé thú ansin, má imigh an sceadamán nimhneach seo atá orm

1 month ago 0 0 0 0
Advertisement

Táimid ag éirí go maith! Agus tá mé ag baint taitneamh as bheith i mo mhúinteoir

1 month ago 1 0 0 0

Aontaím go hiomlán. Tá an modh coinníollach agus an tuiseal ginideach éasca i gcompáraid

1 month ago 1 0 1 0

An rud is breá liom faoi bheith i mo mhúinteoir: is féidir liom rud ar bith is mian liom a múineadh. Anocht, d'fhoghlaim na daltaí na freagraí is tábhachtaí: "tá mé go maith", "tá mé go breá", agus "tá mé ar muin na muice". Níl an ceann deireanach sa téacsleabhar, ach is cuma liom. Is rang liomsa é

1 month ago 8 0 4 0
Post image

Fuair mé T-léine nua. Gabh mo leithscéal @kneecapceol.bsky.social
Is í an líne is fearr liom í

2 months ago 1 0 0 0

Á, de réir cara líofa liom - "déarfainn féin 'cad iad na forainmneacha atá agat?', ach tá an briathar 'úsáid' an-choitianta anois"

2 months ago 1 0 0 0

Mise freisin, ach tá suim shainiúil agam i gcaint labhartha sa chás seo. Níor chuala mé an t-ábhar á phlé

2 months ago 0 0 0 0

A chairde Gael, i ngnáthchaint, conas a deirtear cén forainmneacha a úsáideann tú? "Úsáidim 'sé'" nó rud mar sin?

2 months ago 0 0 2 0
Advertisement
Post image

An léarscáil is fearr liom - Tìr Chaluim Chille / Tír Cholm Cille. Tá sí ar bhalla mo sheomra staidéar. PDF mór ar fáil anseo: colmcille.net/wp-content/u...

2 months ago 4 0 0 0

Táimid tar éis an dara rang aréir, agus rith sé níos socra ná an céad ceann. Mar a tharla, bíonn ranganna níos fearr nuair atá plean ceachta ag an múinteoir. Iontas na n-iontas!

2 months ago 2 0 1 0
Post image

Ní raibh rud tábhachtach amháin agam an seachtain seo caite - glantóir cláir bháin! Bhí lámh daite agam faoi dheireadh an ranga 😆. Tá ceann agam anois

2 months ago 6 0 0 0

GRMA! Bainimid úsáid as Gaeilge Gan Stró mar théacsleabhar, agus bainfimid ceachtanna as sin. Níl go leor leabhair againn don mhéid seo daltaí, ach is féidir daoine roinnt eatarthu 😊

2 months ago 3 0 1 0
Post image

Ba mhaith liom aithne a chur oraibh ball mo theaghlaigh is nuaí: Twiggy, an cipíneach spíonach. Itheann Twiggy duilleoga an lá ar fad

2 months ago 2 0 0 0

Cearc go leor!

2 months ago 12 1 2 0

B'fhéidir tríocha tosaitheoir. Gan múinteoir Gaeilge. Níor chóir a bheidh sé sin. Bhuel, pé scéal é, táim i mo mhúinteoir Ghaeilge anois 🫠
Táim díreach tar éis mo chéad rang a mhúineadh agus... d'éiríomar réasúnta maith? Sílim gur bhain na daltaí taitneamh as.

2 months ago 13 0 4 0

Socraigh mé chun filleadh go ranganna Gaeilge an bhliain seo. Ach cúpla lá ó shin, roimh an chéad rang, fuair múinteoir an bunranga amach nach mbeadh sí ar fáil ar an Máirt an téarma seo. Mar sin, ní bheadh múinteoir ag an rang tosaitheoirí. Agus chláraigh a lán tosaitheoirí i rith an tsamhraidh...

2 months ago 4 0 1 0
Post image

D'éist mé leis an podchraoladh Dúchas den chéad uair inniu. Suimiúil, oideas ach agus greannmhar. Iontach amach is amach. Má tá suim agat i mbéaloideas nó miotaseolaíocht, mholfainn é go mór

2 months ago 0 0 0 0
Post image

Alt suimiúil faoi "Football Special" ó Dhún na nGall. Mar Astrálach, ní raibh cloiste agam faoi roimhe seo. Ba mhaith liom triail a bhaint as anois 🤔 www.bbc.com/travel/artic...

2 months ago 2 0 0 0
Advertisement
Post image

Na taenna ar fáil i m'oifig. Smaoiním uaireanta - cé hiad na daoine á hól an "Sleep Tight"? Cé hé iad, ag obair, ag smaoineamh dóibh féin - "hmmm, is é an fhadhb atá agam faoi láthair - níl go leor fonn codlata orm"

2 months ago 1 0 0 0
Post image

Céad lá bunscoile m'iníne. Fásann siad chomh gasta 🥰😭

2 months ago 14 0 3 0

"An ólfaidh tú braon Proper 12?"
"Ní ólfaidh, is geis dom deochanna déanta ag clasáin a hól"

2 months ago 1 0 0 0

GRMA! Is geis dom gramadach cheart a úsáid, mar is léir

2 months ago 1 0 1 0