Advertisement · 728 × 90

Posts by Caoimhín Ó Scanaill

Post image

Gramadóir ag iarraidh fadhbanna a chruthú dom... @kscanne.bsky.social 😐

8 months ago 6 1 0 0
Gabháil scáileáin a thaispeánann bréagshanasaíocht a rinne ChatGPT ar an bhfocal "áthas".

Gabháil scáileáin a thaispeánann bréagshanasaíocht a rinne ChatGPT ar an bhfocal "áthas".

Ag spraoi le ChatGPT; siabhránú amach is amach (an nasc le eDIL san áireamh)

9 months ago 7 0 1 1

GRMA. Tá mé ag dul trí Sengoidelc faoi láthair le mac léinn de mo chuid. Léigh mé é roinnt blianta ó shin i m'aonar, ag lorg tuiscint níos doimhne ar ghramadach na Nua-Ghaeilge. Tá mórán eolais ag an bhfear óg seo ar an Laidin, an Ghréigis, fiú Sanscrait!—tá muid "ag breathnú siar" an uair seo!

9 months ago 1 0 1 0

Níor thug mé faoi deara riamh gur ionann iarmhír an tsaorbhriathair -t(e)ar agus faí chéasta na Laidine -tur, ón bhfréamh chéanna PIE. 🫣 Mar shampla "Graecum est, non legitur" = "is Gréigis é, ní léitear (é)". Nó an bhfuil mé ar strae? @davidstifter.bsky.social @kingdonncha1.bsky.social

9 months ago 4 0 1 0

An-mhaith! Is breá liom aon suíomh la bhfuil cló aonleithid agus dathanna seanteirminéal Unix air ❤️ Mar eolas, bhí an nasc GitHub briste - nasc coibhneasta atá ann sílim

9 months ago 2 0 1 0

Dúshlán mór, agus beidh sé níos measa sna blianta atá romhainn. Nóta amháin ar son lucht an Oireachtais — d'aithin siad an bhagairt seo chomh fada siar le 2023 — rinne mé comhrá le Máirín an samhradh sin. Sílim go ndúirt mé nach mbeadh fadhb ann ar feadh cúpla bliain, ach cinnte tá sé ann anois.

9 months ago 5 1 0 0

Tá. Cuir rphost chugam? An t-ainm úsáideora céanna @ gmail

9 months ago 1 0 0 0

Chonaic mé pickup idir Eugene agus Bend a raibh dhá ghreamán air: #1, ceann a raibh stumpa crainn air, "ná bí buartha, thug mé barróg dó ar dtús", agus #2, "druileáil anseo, druileáil anois, ní ritheann an trucail seo ar mhún na n-aonbheannach" Tá siad ann, inár measc. 😢

9 months ago 3 0 1 0

Go hálainn. Thug mé faoi deara meascán idir cultúr gorm agus dearg anseo... is baile acadúil forásach é Eugene, cairdiúil don timpeallacht, rothaíocht etc. ach tá sé i bhfad níos Trumpaí faoin tuath, cosúil le Missouri.

9 months ago 1 0 2 0
Advertisement

Go raibh maith agat! Rachaimid siar arís Dé Céadaoin agus beidh deis againn cuairt a thabhairt air is dócha.

9 months ago 2 0 1 0
Post image

Scamall ar bith (beagnach) in Bend inniu

9 months ago 2 0 1 0
Post image Post image Post image

Seachtain ar saoire in Oregon... Míolta móra agus cúpla curiarracht an domhain inné ag @preclassic.bsky.social!

9 months ago 10 0 1 0

Cur chuige corpasbhunaithe chun an liosta frásaí sin a thógáil (na mílte r-phost Gaeilge ó mo bhosca féin) ar ndóigh. Faraor ní dóigh liom go mbeidh deis againn nuashonrú a dhéanamh air 🤷‍♂️

9 months ago 1 0 0 0
Video

What he said. 🏴󠁧󠁢󠁷󠁬󠁳󠁿

9 months ago 41 14 2 0
Video

Ó mhac léinn de mo chuid 🤦

9 months ago 9 1 1 0
Post image

Tá, i bhFirefox amháin (féach pic). Chuir Google ruaig ar an rogha sin in Chrome in 2016 — caithfear breiseán a shuiteáil chun ionchódú a athrú/dheisiú anois.

10 months ago 4 0 1 0

Gabh mo leithscéal - feicim anois go ndúirt tú "ainmneacha Gaeltachta"! Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid uirlise ann

10 months ago 2 0 1 0
Rang Gaeilge i gColáiste Pobail St. Louis, ag ócáid bhronnadh na bhfáinní

Rang Gaeilge i gColáiste Pobail St. Louis, ag ócáid bhronnadh na bhfáinní

Na foghlaimeoirí a bhí agam san earrach... bhronn mé fáinne airgid ar cheathrar sa ghrúpa seo. Déanfaidh bean amháin cúrsa Gaeltachta i mbliana freisin 👍

10 months ago 11 0 0 0
Ainmneacha Gaelacha

Rinne mé é seo ag féile idirnáisiúnta de chuid Mozilla blianta ó shin — píosa spraoi. Bhaist mé ainm Gaelach ar gach duine agus thug mé braoinín Jameson dóibh — bhí ciú an-fada ag an mboth Éireannach ann! An ndéanfadh an suíomh seo cúis? cadhan.com/gaelu/foirm....

10 months ago 6 1 1 0
Advertisement

Níor cuireadh buíochas le Dia, ach ní aithneofá an chéad chomharsanacht eile, an méid sin crann leagtha

11 months ago 0 0 0 0
Preview
Tuairisc ar sheoladh Corpas.ie, 29 Samhain 2024 Seoladh Corpas Náisiúnta na Gaeilge 29 Samhain 2024. Caitear súil siar ar an ócáid sa bhlagmhír seo.

Cad a tharla 29 Samhain 2024? É seo.

11 months ago 4 1 0 0
Post image

Nuacht eile ón meániarthar — tháinig tornádó anuas thart ar mhíle ónár n-árasán (an ciorcal dearg) an tseachtain seo caite. Theip ar an gcóras rabhaidh faraor, agus rinne sé scrios uafásach i dtuaisceart na cathrach

11 months ago 3 0 0 0

Seachtain amháin eile sa seimeastar — ag múineadh na Gaeilge sa choláiste pobail anseo. Grúpa an-deas an-díograiseach. Éireannach amháin, cúpla teangeolaí, agus fear eile a bhfuil 10 dteanga ar a thoil aige. Bronnadh na bhfáinní airgid an tseachtain seo chugainn!

11 months ago 12 0 0 0

Go raibh maith agat a chara!

11 months ago 0 0 0 0
Video

Ceannaigh Na Draoithe anois! dalen.ie/collections/...

1 year ago 12 5 0 0
Preview
Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge Seachtain · Episode

Is fiú éisteacht leis seo agus freastal ar Ghradaim Cheoil @nosmag amárach! open.spotify.com/episode/1Ih2...

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag an gceol Gaeilge ó tosaíodh ar na Gradaim a bhronnadh. Cuma pé rud a deirtear spreagann duaiseanna daoine le ceol a chumadh agus le feabhsú freisin!

1 year ago 5 2 1 0

Bhí mé cinnte go mbeadh sé thar barr, agus bhí! Thaitin na dánta agus an plé go mór liom agus an píosa sochtheangeolaíochta sin freisin! Mar sin féin, is léir domsa anois go gcaithfidh mé dul i gcleachtadh leis an Gàidhlig labhartha

1 year ago 2 0 1 0
Post image

Sampla eile ó 2013

1 year ago 4 1 0 1

Tá an ceart ag @lexiconista.bsky.social nach ndéanann SMT clasaiceach speabhraídí sa chaoi a dtuigtear anois iad, ach uaireanta bhíodh an chuma sin ar an aschur gan dabht! Tharla sé mar gheall ar thimpistí staitisticiúla sna sonraí traenála den sórt a luaigh Aonghus (Abú Media, srl)

1 year ago 0 0 1 0
Advertisement

Níl, seachas Indigenous Tweets, atá marbh anois 😢

1 year ago 0 0 1 0