Advertisement · 728 × 90

Posts by Leabhar Breac

Post image Post image Post image
1 month ago 7 0 0 0
Post image

Slua breá Tigh Charlie Byrne i nGaillimh aréir agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson á seoladh!

1 month ago 8 0 2 1
Cuireadh chuig seoladh leabhair. pictiúr de shaighdiúirí Normannacha as táipéis Bayeux

Cuireadh chuig seoladh leabhair. pictiúr de shaighdiúirí Normannacha as táipéis Bayeux

Ócáid bhreá Tigh Charlie Byrne i nGaillimh 6pm tráthnóna — Diarmuid Johnson, Aodh Ó Coileáin, agus léitheoirí na Gaeilge. Fíon agus leabhair! Fáilte roimh chách.

1 month ago 7 4 0 0
Preview
An Cláirseoir i nGaillimh Tigh Charlie Byrne i nGaillimh ar 6pm Déardaoin 19 Márta, seolfaidh Aodh Ó Coileáin an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, An Cláirseoir. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach ro...

Bígí linn i nGaillimh an tseachtain seo chugainn! leabharbreac.com/an-clairseoir/

1 month ago 6 0 0 0
Post image

Bhain mé sult as “Sadhbh”. Ní thosaíonn an leabhar le focail ach le 10 leathanach de phictiúr / péintéireacht a chuireann am agus áit an scéil i láthair go héifeachtach. Ní dóigh liom go bhfaca mé cleas mar sin i leabhar riamh roimhe seo. An-chliste ar fad! 👏🏼👏🏼 @darachoscolai.bsky.social

1 month ago 26 3 1 0
Darach Ó Scolaí agus Aodh Ó Coileáin

Darach Ó Scolaí agus Aodh Ó Coileáin

Darach Ó Scolaí agus Aodh Ó Coileáin ag ócáid de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, inné, inar thug an t-údar caint ar a úrscéal Bódléar.

1 month ago 4 0 0 0
Preview
Bódléar Úrscéal a phléann leis an athrú a tháinig ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois, agus ceiliúradh ar Fhilí na Mumhan agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrai...

“Aoir é seo chomh maith, aoir ar mhórchúis, ar mhustar, ar éileamh thairis mar is ceart. Go deimhin, is féidir a rá gur dánaíocht ar an bhfírinne (pé í féin) atá san úrscéal greanta snoite domhainéadrom seo.” — Alan Titley in Scéal san @irishtimes.com Dé Máirt

1 month ago 6 1 0 0
Advertisement
Video

Bígí linn do #SnaG26 📚💖
Léamh & plé le Darach Ó Scolaí ar an úrscéal 'Bódléar', imeacht leabhar álainn atá á reachtáil ag Aonad Léann na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.📍 Seomra 116, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 4 Márta, 1pm.
#LoveLeabharGaeilge #Gaeilge

1 month ago 18 8 1 1
Post image

FÓGRA DO SCRÍBHNEOIRÍ🗣️

✨Tá an próiseas iontrála do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2026 oscailte anois!✨

🗓️Spriocdháta Iontrála: 1 Iúil 2026

ℹ️ 31 Comórtas

Siollabas Comórtais & Foirm Iontrála ar fáil anseo: www.antoireachtas.ie

#Oireachtas2026

2 months ago 8 8 1 1
Póstaer: fógra do chlub leabhar na Gaillimhe

Póstaer: fógra do chlub leabhar na Gaillimhe

Bódléar le Darach Ó Scolaí ar taispeáint Tigh Charlie Byrne i nGaillimh

Bódléar le Darach Ó Scolaí ar taispeáint Tigh Charlie Byrne i nGaillimh

Bódléar le Darach Ó Scolaí á léamh ag Club Leabhar na Gaillimhe an mhí seo — agus é ar taispeáint Tigh Charlie Byrne! (dar ndóigh, is baile mór leabhar is caife Gaillimh)

2 months ago 7 1 0 1

CEARTÚ: "Téigí agus ceannaígí an leabhar go bhfeice sibh is ná tógaidh m'fhocalsa air!"

2 months ago 1 0 0 0

"Téigí agus ceannaígí an leabhar go bhfeice sibh is ná tógaidh le m'fhocalsa air!" a deir Labhrás!

2 months ago 0 0 1 0
Preview
Iris Aniar Déardaoin 12 Feabhra 2026 Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Labhrás Ó Finneadha faoi agallamh ag Micheál Ó Tuathail ar Iris Aniar Raidió Na Gaeltachta inniu. Tá a leabhar nua Ceas an Chait le seoladh ag Máire Ní Neachtain Tigh Charlie Byrne i nGaillimh 6pm inniu. Fáilte roimh chách.

2 months ago 1 0 1 0
Preview
Ceas an Chait le Seoladh i nGaillimh - Leabhar Breac Tigh Charlie Byrne, Déardaoin 12 Feabhra, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait. Pictiúrleabhar do léitheoirí fásta é Ceas an Chait, agus is é Aodh Mac Lochlainn ...

Tigh Charlie Byrne i nGaillimh, 6pm Déardaoin, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait — pictiúrleabhar do léitheoirí fásta agus é maisithe ag Aodh Mac Lochlainn. "Údar aoibhnis" dar le Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie

2 months ago 13 3 2 0
Preview
Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026 [English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é.

Marc 9/10 agus 9.5/10 ag Bódléar! Míle buíochas le Clubleabhar,

2 months ago 11 2 2 0
Gearóid Denvir agus Monnie Hallahan, garmhac an fhile, ag seoladh Trí Glúine Gael le Pádraig Ó Miléadha sa Rinn Dé Sathairn seo caite.

Gearóid Denvir agus Monnie Hallahan, garmhac an fhile, ag seoladh Trí Glúine Gael le Pádraig Ó Miléadha sa Rinn Dé Sathairn seo caite.

An fear eagair, an tOllamh Gearóid Denvir, i gcuideachta Mhonnie Hallahan, garmhac an fhile, ag seoladh Trí Glúine Gael le Pádraig Ó Miléadha sa Rinn Dé Sathairn. leabharbreac.com/shop/leabhai...

2 months ago 3 0 0 0
Advertisement
Preview
Conamara agus Tíortha Eile - Leabhar Breac Idir 2015 agus 2025 a cumadh an fhilíocht atá sa díolaim seo. Tá dánta inti i sé cinn de theangacha. Is tír ar leith gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus ...

Ní in Éirinn amháin atá sé ina bháisteach! Éist anseo thíos leis an dán nua le Diarmuid Johnson, "Mos Fliuch". leabharbreac.com/shop/leabhai...

2 months ago 1 0 0 0
Preview
Trí Glúine Gael le seoladh sna Déise - Leabhar Breac Dé Sathairn 31 Eanáir, seolfaidh an Dr Ciarán Ó Gealbháin Trí Glúine Gael, eagrán nua den dán fada clúiteach a chum an Déiseach Pádraig Ó Miléadha agus a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1953. Chomh maith le...

"Dán atá ar maos i gcaint throdach radacach ó reacaire nach leasc leis a bharúil a chur in iúl gan frapa, gan taca agus, fearacht na bhfilí a chuaigh roimhe, tá friotal fileata an dáin neadaithe sa traidisiún as ar fáisceadh Ó Miléadha." leabharbreac.com/tri-gluine-g...

2 months ago 2 1 0 0

"Leabhairín gleoite" arsa Eoin P. “Tá spraoi ann, agus an-ghreann!”

2 months ago 10 5 1 0
Post image

Tá I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach as cló — beidh siad i gcló arís in am do Lá Fhéile Pádraig!

2 months ago 8 2 1 0
Preview
Death Notice of Seán Mac Mathúna (Dun Laoghaire, Dublin) | rip.ie The death has occurred of Seán Mac Mathúna of Dun Laoghaire, Dublin Ireland, on 27/12/2025. You can view the full death notice and add your condolences here.

Adhlacfar an mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna i Séipéal an Ghairdín, Cnoc Iaróim, Dé Sathairn. rip.ie/death-notice...

3 months ago 10 3 0 0
Preview
Cnuasach aistí ar Cholmcille le seoladh inniu - Leabhar Breac Le linn Éigse Cholm Cille nDoiire, in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann inniu, a sheolfar an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille inniu. Cnuasach aistí ar thionch...

Inniu, le linn Éigse Cholm Cille in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann i nDoire, a sheolfaidh na heaspaig Donal McKeown agus Andrew Forster an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D’oidhreacht Choluim Chille. Ollscoil Uladh atá i mbun na hócáide. leabharbreac.com/cnuasach-ais...

3 months ago 3 1 0 0

Beidh tú ag leamh go ceann cúpla seachtaine!!

3 months ago 1 0 1 0
Preview
An mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar shlí na fírinne Bhí Seán Mac Mathúna ar an líon beag scríbhneoirí a fuair aitheantas dá shaothar i nGaeilge agus i mBéarla

Tá an mórscríbhneoir aitheanta Seán Mac Mathúna imithe ar shlí na fírinne, in aois a 89 mbliana. tuairisc.ie/an-morscribh...

3 months ago 0 0 0 0
Seán Mac Mathúna  Gealach
Seán Mac Mathúna Gealach YouTube video by Leabhar Breac

Tá an scríbhneoir Seán Mac Mathúna ar lár. San fhíseán seo a rinneadh in 2013, tá Seán ag labhairt ar a úrscéal Gealach. www.youtube.com/watch?v=CA_d...

3 months ago 3 0 0 0
Preview
Mórscríbhneoir ar Lár I mBaile Átha Cliath, Oíche Nollag, cailleadh duine de na scríbhneoirí Gaeilge is iomráití le leithchéad bliain anuas, an gearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir, Seán Mac Mathúna.

Tá an mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar lár. leabharbreac.com/an-morscribh...

3 months ago 12 4 5 0
Advertisement

Táimid an-bhródúil as seo, agus as an leabhar breá le Pól Breathnach atá le foilsiú in 2026 againn: An Cosán Ceilte.

3 months ago 7 1 0 0
Preview
Leabhair na bliana 2025 Caitheann ár meitheal léitheoirí súil siar ar na leabhair is mó a chuaigh i gcion orthu i mbliana

An CLÁIRSEOIR, Diarmuid Johnson: “Tá buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge.” —An tOllamh Máire Ní Annracháin, Comhar comhar.ie/iris/85/12/l...

4 months ago 5 2 0 0
Preview
Bódléar, Duaisleabhar na Bliana Seo í bliain Bhódléir. Is ar an úrscéal seo le Darach Ó Scolaí a bronnadh trí mhórdhuais na foilsitheoireachta le bliain anuas, Duais an Oireachtais 2024, Gradam Uí Shúilleabháin 2025, agus Gradam An ...

"Dearbhaíonn Darach Ó Scolaí nach dtiocfaidh deireadh le hÉigse go brách an fhad is a bheidh clanna Gael ag saothrú an phinn.” leabharbreac.com/bodlear-duai...

4 months ago 4 1 0 0

Bhí fadhb ann a bhain le cúrsaí meáchain seachtain ó shin ach sílim gur réitíodh é sin ó shin. Bheimis an-bhuíoch díot ach rphost a sheoladh chugainn ag eolas@leabharbreac.com go scrúdóimis an scéal.

4 months ago 1 0 0 0