Beag beann ar
Posts by Eoin Ó Cróinín
Ní hé sin le rá go raibh an ceart ag na Meirceánaigh Maduro a fhuadach, ach is geall le píosa bolscaireachta ar son Maduro é an píosa seo agus an chuma air nach bhfuil mórán eagarthóireachta ná seiceáil fíricí déanta air.
Tugann Eoin Ó Murchú 'laoch' ar Maduro & deir sé go bhfuil éacht déanta aige ar son na mbocht i Veiniséala. Ar ndóigh ní luann sé cliseadh eacnamaíoch tubaisteach na tíre, an hipearbhoilsciú, na milliúin atá imithe ar eisimirce, na mílte léirsitheoir atá curtha chun báis faoina cheannaireacht...
An cineál Ioslam atá á chur chun cinn sna moscanna samhlaítear é le réimeas tíoránach na mullánna, rud a bhfuil an ghráin ag an bpobal air faoi mar a fheictear san éirí amach atá ann faoi láthair. Údar imní mór don réimeas sin é neamhshuim an phobail sa chreideamh le tamall, ar ndóigh.
An-léargas sa leabhar seo ar fhios fátha na feirge atá ar ghnáthphobal na hIaráine. Rud amháin a d’fhoghlaim mé: 50,000 as 75,000 mosc sa tír dúnta nó neamhghníomhach le blianta beaga anuas toisc go bhfuil an pobal ag tabhairt droim láimhe don chreideamh.
Go deimhin, is dócha gur sin an fáth go measann Harlequin go n-oirfeadh an meaisínaistriúchán sa chás seo - friotal sách simplí, agus an bhéim ar inléiteacht, tróip agus plota seachas ar chleasaíocht/castacht teanga.
Alt suimiúil ach ní leabhair ‘liteartha‘ iad siúd a fhoilsíonn Harlequin ach úrscéalta grá (’romance’), litríocht atá dírithe ar an mórmhargadh & ina dtugtar tús áite don tsiamsaíocht seachas don ghradam cultúrtha. (Bíonn siad sách foirmleach - ‘He was tall, dark and handsome’).
Agus ar ndóigh, is annamh a bhíonn Polainnis chomh maith sin ar a thoil ag Gaeilgeoir - ceann de na cúiseanna nach bhfuil cur amach níos fearr againn ar stair na Polainnise, is dócha.
De réir mar a thuigim, tá scoth na Polainnise ag Abhaistín Ó Duibh, an fear a chuir ‘Óráidí a Chuaigh i gCion’ in eagar. B’fhiú d’eagarthóir Comhar iarraidh air alt a scríobh faoi chás na Polainnise óir is fear mór staire é freisin.
Sin a bhí mé ag ceapadh freisin. Is deacair mórán a fháil faoi chaomhnú na Polainnisé ná na Seicise as Béarla. De réir mar a thagann feabhas ar mo chuid Polainnise tá súil agam níos mó a léamh faoi.
families who ceased to speak Polish, ceased to be regarded as Poles. The 'homeland' was indistinguishable from the language. In Julian Tuwim's memorable phrase, it was 'Ojczyzna-Polszczyzna' (The Fatherland of the Polish tongue).’
Éacht a bhí ann dóibh a bhféiniúlacht & a dteanga a chaomhnú. Bhain cuid mhaith den scéal lena ndiongbháilteacht & lena meon. Arsa an staraí Norman Davies: ‘In strict contrast to the English-speaking world, where Irish, Scots, Australian, or American nationalisms have less to do with language, […]
É sin ráite, is cinnte go bhfuil an Pholainn ar cheann de na tìortha Eopacha is mó a d’fhulaing brúidiúlacht, ár & scrios le cúpla céad bliain anuas - 6 mhilliún a chaill siad sa Dara Cogadh Domhanda amháin (agus níl ansin ach an slad is déanaí).
D’éirigh leis na Polannaigh & na Seicigh a dteanga a chaomhnú d’ainneoin an choilíneachais. Feictear dom gurbh é an príomhdhifear eatarthu & cás na Gaeilge ná nach raibh meath chomh mór sin tagtha orthu nuair a thosaigh na hiarrachtaí athbheochana/caomhnaithe.
Díol suime nach bhfuil sé aistrithe go Béarla go fóill - tá sé ar dhuine de na húdair neamhfhicsin is mó díol sa Fhrainc & sa Bheilg le roinnt blianta anuas, agus é aistrithe go Portaingéilis, Iodáilis, Spáinnis agus Ísiltíris cheana. Is cosúil go bhfuil aistriúcháin go teangacha eile ar na bacáin.
Tá siad seo ar na leabhair neamhfhicsin is mó díol sa Bheilg faoi láthair - paiteolaí é an t-údar a chuireann ‘na mairbh ag caint’ lena reacaireacht shnasta ar na cásannna gruama a thagann faoina bhráid, agus an greann dubh in úsáid go minic aige chun cuid den uafás a mhaolú.
Agus níos lú daoine óga ann i ngach glúin amach anseo, is oth liom nach mbeidh an chruthaitheacht chéanna/spleodar céanna ann.
Ní dóigh liom gur comhtharlú é go bhfuil cineál ré órga ann faoi láthair ó thaobh na Gaeilge - má bhíonn daoine óga líonmhar bíonn go leor smaointe/tograí úra ann faoi conas an teanga a chur chun cinn.
Seans gur ré órga atá againn faoi láthair ó thaobh na Gaeilge de toisc go bhfuil an oiread sin daoine óga ann (baineadh buaicphointe amach ó thaobh líon na bpáistí de anuraidh agus b’shin an méid is mó ón nGorta i leith). Ach ní leanfaidh sin i bhfad eile - tá laghdú i ndán dúinn feasta.
Is deacair a shamhlú go leanfaidh an t-éileamh ar na Gaelscoileanna ag fás má tá 15,000 níos lú páistí ag teacht ar an saol gach bliain as seo amach, cuir i gcás, rud a luaitear san fhíseán.
Seo rud nach bhfuil aon chaint air i saol na Gaeilge, go bhfios dom. Tá fás na teanga le déanaí ag brath go mór ar dhaoine óga - Gaelscoileanna, campaí samhraidh, ceol (bannaí ar nós Kneecap), na meáin shóisialta, etc.
www.rte.ie/news/2025/12...
Gach seans go bhfuil níos mó léachtóirí/mic léinn PhD ann ag díriú ar iriseoireacht na Gaeilge ná mar atá iriseoirí clóite gairmiúla Gaeilge ann. Dá scríobhfaidís féin colúin le haghaidh Tuairisc.ie is mó maitheas a dhéanfaidís ná a bheith ag déanamh staidéar ar earnáil atá lag go leor, dar liom.
Tagaim leat - níl an pobal mór go leor chun go mbeadh rath ar iris sainspéise, cuir i gcás, nó fiú ailt rialta ar ábhar sainspéise i leithéidí Comhar. Sin an fáth a mbíonn na hábhair chéanna á bplé i gcónaí - an Ghaeilge, polaitíocht na hÉireann/Mheiriceá (an Tuaisceart go háirithe) agus TG4/an CLG.
Níor léigh mé faic roimhe seo le Salman Rushdie, ach táim ag baint taitneamh as an gceann seo. Dúirt dochtúir le Rushdie go raibh an t-ádh air nach raibh tuairim ag an té a d’ionsaigh é conas fear a mharú le scian.
Ní nua-Naitsithe a cheannaíonn ach lucht acadúil agus daoine a bhfuil an-spéis acu sa pholaitíocht, de réir dealraimh. Tá leagan Fraincise ann freisin ach is gnách go gcoimeádtar taobh thiar den chuntar é agus gur gá iarraidh ar an díoltóir leabhar é a thabhairt duit.
Leagan Polainnise de 'Mein Kampf' ar díol go hoscailte i siopaí leabhar Vársá. Eagrán acadúil é ina bhfuil tráchtaireacht chriticiúil agus go leor fonótaí. Is é an dara leagan criticiúil a foilsíodh ón Dara Cogadh Domhanda i leith: foilsíodh eagrán Gearmáinise in 2017, rud a raibh an-díol air.
Vársá
Áit dheas don bhricfeasta.
An radharc ón óstán i Vársá. Chuirfeadh sé Nua-Eabhrac i gcuimhne do dhuine.
Nílim cinnte an dtuigim seo - tá sé i gceist acu an fhoireann chéanna a chur ag obair ar an bhfoclóir Gaeilge-Fraincise... An saineolaithe ar an bhFraincis iad gach duine ar an bhfoireann? Nó an é go gceapfar daoine a bhfuil saineolas acu ar an teanga?