Posts by Fergus Idir Dhá Abhainn
Is fusa é a aistriú ná a thuiscint... 😂
"Breiseánachas spásúil"
Tugaim "die schöne Jahreszeit" ar an tréimhse seo den bhliain.
Cineál Paul-Klee-ach?
Casann crotach agus abhóiséad ar a chéile in umar na haimléise. "Gob aníos!" a deir an t-abhóiséad leis an gcrotach, ag tabhairt misnigh dó.
An mbeidh uasdátú den dán úd ar na bacáin:
Tá baile seantán ar chúl na dtithe,
baile álainn trína chéile... ?
An ann don fheiniméan: dea-réiteach ar dhrochtheip?
Tá na tíleanna dubha agus bána imithe, de réir dealraimh.
Chaith go leor den phobal cuid mhaith den lá inné ag scrúdú dhaonáireamh na bliana 1926. Cé go bhfuiltear cineál cleachta ar an ngnó ó cuireadh an dá cheann roimhe sin ar fáil is constaic fós iad na toghranna ceantair & na bailte fearainn. Níl an pobal (uirbeach) chomh eolach sin orthu feasta.
Go mbaine tú taitneamh as.
"Eitiltí isteach" nó "eitiltí amach" ?
Cheartaigh mé le peann luaidhe ė. Ar eagla go léifeadh mé am éigin arís é...
Níl sé de nós agam aon rud a scríobh ar leabhair chlóite, ach, a thiarcais, nár dhein mé anois beag é. I leabhar le matamaiticeoir mór le rá (an tríú heagrán!) bhí botún i gcothromóid mhatamaiticiúil a chuir mearbhall orm - agus soir mé - gur léir dom go gcaithfeadh gur bhotún a bhí ann.
Dá mbeadh teach scoite agam (agus an t-airgead) bheadh na ballaí agus an díon clúdaithe le modúil fhótavoltacha. Ní fios dom go bhfuil míbhuntáiste ar bith ag baint leo.
Is trua sin. Scéal eile é i gcónaí má tá an duine féin thíos leis. Tá súil agam go mbeidh deireadh sásúil leis an scéal go luath.
Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, mar a deir an seanfhocal.
I gcás ruda atá neadaithe chomh domhain sin i bhféin-tagracht an duine ní nach ionadh nach bhfuil ach téarmaí dóiléire ann dó i dteanga ar bith. (Éirim an ailt thuas - cé nach bhfreagraíonn sin an cheist a chuir Donncha.)
Tá a lán faisnéise i gciclipéid ach an bhfuil a fhios aici gurb ann di féin?
Tá buntáistí ag baint leis sin, gan amhras.
(Agus ní chronaíonn tú "soilse na hardchathrach?)
Mar sin, is féidir é a sheachaint...
Fíric gan tairbhe ach fíric shuimiúil: Saolaíodh gach duine den chriú tamall maith de bhlianta tar éis dó Niall Mac Thréinfhir a chos a leagan ar an ngealach.
Dála an scéil: Cé eile a chonaic beo ar an teilifís é? (Océ, admhaigh é! 😂)
An-spéisiúil.
An bhfuil na hagóidí breosla thall ar na seanfhóid ag cur isteach go mór oraibh go pearsanta? Samhlaím go bhfuil cúrsaí ag éirí sách deacair tar éis trí lá? 🙁
Síth a cháin'
Cé go mbím nósúil go leor faoi bhia is breá liom Mettbrötchen - ach is thuas i gceantar na Ruhr a fhaightear iad de ghnáth. Chuaigh mé i dtaithí orthu ar dtús nuair a bhí mé i mo mhac léinn ag obair i rith an tsamhraidh sa cheantar sin.
youtube.com/shorts/P6wA8...
Ubh! 🐥
Léinn go minic é roinnt mhaith de bhlianta ó shin. Chuir an t-idirlíon tús leis an ngnás sin. Agus ansin chuir sé deireadh leis.
An New Yorker, is dócha (an cló)?
An fíor de shíor do Dhónal Síorfhíor? 🤔
"Ealtaí Loch Ainninn": nach bhfuil cuma ainm poirt thraidisiúnta air?
Níl ach an port féin de dhíth. 🎶
Cé a bhuailfidh suas é?