Gabhaigí ár leithscéal a chairde ach bhí orainn an Léacht Staire mar chuid de #TrasnaNadTonnta a chur ar athló go dtí amárach mar gheall ar fhadhbanna teicniúla
Beidh sé ar siúl amárach, Dé hAoine 05/12 ag 11:00 ar Zoom - beidh an nasc Zoom céanna in úsáid againn!
Thaistil muid timpeall an domhain inné leis an gComhrá Leanúnach mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍
Ó Chóbanhávan go Corcaigh, ón dTuirc go Baile Átha Cliath agus ó Chathair na nAingeal go Contae Laoise - tá an Ghaeilge bheo bheathach! 💚
Míle buíochas libh go léir!
Tá an comhrá leanúnach beo anois ar Youtube mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍
Thosaigh muid sa Nua-Shéalainn le CnaG Aotearoa agus ansin chuaigh muid go Muineachán agus anois tá Togra Mhaigh Eo beo ar an aer!
Bígí ag féachaint orthu ag caint ag www.youtube.com/watch?v=oiZZ...
GRMMA a Lauren as an gCeardlann Logainmneacha inniu. Bhain mé sult as - bhí sé ar fheabhas!
#TrasnaNadTonnta #Gaeilge
Bhí slua álainn, idirnáisiúnta agus eolach againn don Cheardlann Logainmneacha mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍
Bígí linn anocht don Cheardlann Liricí Kneecap ag 20:00 - cláraigh anois ar snag.ie/trasna ✨
Comórtas! 🏆
Físeán nó grianghraf a phostáil ag taisepáint an áit ar an domhan ina bhfuil siad, leis na focail “Nollaig Shona ó (áit/ tír)” á rá (i bhfíseán) nó á scríobh (faoi ghriangraf), agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas @SnaGaeilge, @trasnanadtonnta agus haisclib #TrasnaNadTonnta a úsáid 🌍️🌊
D'imeacht deireanach na seachtaine beidh ceol binn le cloisteáil ó Shiobhán Ní Chróinín, teagascóir ICUF i gCeanada, lena ceardlann amhránaíochta ar an sean nós mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️
Foghlaim na liricí d'amhrán sean-nóis léi agus bí ag canadh os ard! Dé hAoine ag 23:00 ar Zoom! 💙
Beidh muid, @cnagaotearoa.bsky.social, ag glacadh páirte sa chomhrá leanúnach ar an 3 Nollaig
🇳🇿🤝🇮🇪 #TrasnaNadTonnta
@cnagaeilge.bsky.social
Bígí linn ar lá deireanach de #TrasnaNadTonnta 2025 le cluiche beomhar, idirnáisiúnta Biongó Lócó! 🌊🌍️
Bígí ag imirt sa bhaile agus beidh duaiseanna ar luach €300 ar fáil le buachan ar an lá! 🏆️
Cláraigí anois agus cuirigí críoch cheart leis an bhfeachtas - Dé hAoine ag 13:00 ar Zoom!
An bhfuil tú nua i saol na Gaeilge nó as cleachtadh agus ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú? ☘️
Bígí linn do rang speisialta leis an réalta, Mollie Guidera mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍
Oireann an rang seo is fearr do thosaitheoirí na teanga ach tá sé oscailte do chách ✨
Freastal ar léacht staire stiúrtha ag Briain Ó Conchubhair, léachtóir ag Ollscoil Notre Dame mar chuid de #TrasnaNadTonnta 25! 🌊🌍️
Bígí linn Déardaoin ag 13:00 ar Zoom! Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí - cláraigh anois ar snag.ie/trasna ☑️
Tóg sos suaimhneach le Nuala Ní Scolláin agus an Cheardlann Aireachais seo 🧘♀️🌊
Bígí linn ar Youtube beo @SnaGaeilge ag a 09:00 agus tá an ceardlann seo oiriúnach do fhoghlaimeoirí! 🌍️
Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí #TrasnaNadTonnta - cláraigh anois ar snag.ie/trasna
Foghlaim faoi logainmneacha na hÉireann agus faoin gciall a bhaineann leo leis an gceardlann speisialta seo mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️
Tá neart staire ina bhfolach sna logainmneacha; déanann siad cur síos ar oidhreacht, dúlra agus tírdhreach ár gceantair!
👉️ snag.ie/trasna
Beidh teachtaireacht speisialta le cloisteáil anseo ar Bluesky ó Mhamaí na Nollag ar an Luain 01/05 ag 18:30 mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🎄🤶
Is do na gasúir is múinte amháin í an teachtaireacht seo agus beidh píosa scéalaíochta le cloisteáil freisin! 📖
Bígí linn chun tús oifigiúil a chur le #TrasnaNadTonnta 2025 lenár seoladh ar líne! 🌊🌍
D'fhéadfá tiúnáil isteach ó áit ar bith ar domhan ar www.youtube.com/@snagaeilge ag 16:30 (UTC+1) Dé Luain, 01 Nollaig 🌐
Táimid ar bís le fógairt Clár na Seachtaine do #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊
👉 snag.ie/trasna
Idir na himeachtaí seo, ciorcal comhrá leanúnach agus comórtais ar líne, beidh go leor deiseanna ag daoine a bheith páirteach san fheachtas! 🤩
#Gaeilge #Irish #Foghlaim #Trasna #Teanga #Idirnáisiúnta
Ghlac grúpaí ó gach cearn den domhan páirt sa chomhrá leanúnach mar chuid de #TrasnaNadTonnta anuraidh! 🌊👏
I mbliana táimid ag súil le tuilleadh grúpaí arís a chur ag caint chéile agus tá an clárúchán oscailte do dhaoine aonair chomh maith! 🌍🎉
Bígí linn agus cláraígí anois: snag.ie/trasna 💙
Beidh an comhrá leanúnach ar líne ag filleadh i mbliana mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍️
Ó Chóbanhávan go Ceatharlach, beidh comhrá leanúnach ag tarlú ar Zoom ó mhaidin go hoíche agus beidh muid ag beoshruthú ar Youtube freisin! 🛜
Téigh go snag.ie/trasna le clárú anois! 💙
Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil dáta socraithe do #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊
Beidh deis ag daoine agus grúpaí fud fad na cruinne pé Gaeilge atá acu a úsáid agus a cheiliúradh linn ón 1-5 Nollaig!
Tuilleadh eolais le teacht - cuirigí sa dialann é agus coinnigí súil ar an leathanach seo! 👀
Ghlac C na G Aotearoa páirt i gciorcal comhrá idirnáisiúnta de chuid #TrasnaNadTonnta inné. Bhí sé go han-deas labhairt le grúpaí agus le daoine ó Bhéal Feirste, an Ghearmáin, Gaillimh agus Tiobraid Árann. Bíonn tú i measc cairde i gcónaí agus tú ag labhairt Gaeilge.
@cnagaotearoa.bsky.social
Lúibín #TrasnaNadTonnta agus trasna na meáin. Scéal faoi Elon agus a mhalairt (Nola)
Thar barr! tuairisc.ie/eireannaigh-...
Mise ag obair ar fheirm i gConamara circa 2018. Céim mhór a bhí ann maidir leis a bheith "nádúrtha" le mo chuid Gaeilge. Níor mhothaigh mé go raibh mé faoi bhrú sa seomra rang níos mó toisc go raibh mé gafa le feirmeoireacht goa #trasnanadtonnta corn🌽
#trasnanadtonnta ag teacht