Advertisement · 728 × 90
#
Hashtag
#afcnag26
Advertisement · 728 × 90

Moladh beag agam do Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge tar éis #afcnag26 - ná bíodh cead ag craobh/ball aonair níos mó ná rún amháin a chur chun cinn ag na hArd-Fheiseanna. Ní dóigh liom gur críochnaíodh na rúin ar fad ag aon Ard-Fheis le fada an lá.

2 0 0 0

Tá athrú cuimsitheach tagtha ar BF le 30 bliain anuas agus "tá an Ghaeilge ar cheann de na táscairí is mó de sin" a deir MGB. Molann sé go mór Gearóid Ó Cairealláin. #afcnag26

1 0 0 0

Mhol MGB "go mór" do bhaill CnaG an taighde a scríobh Róisín Nic Liam le cás na Gaeilge i gcomhthéacs Éireann Aontaithe a thuiscint. #afcnag26

0 0 1 0

Beidh CnaG ag gníomhú "fréamhaithe" sa tuiscint gur féidir "normalú níos fearr a dhéanamh ar an nGaeilge in Éirinn Aontaithe". #afcnag26

0 0 1 0

Is "cúis mhór áthais" dó féin é gur ritheadh an tsraith rún faoi athaontú na hÉireann a deir MGB, agus go bhfuil "deis nach bhfaca muid cheana" anois ann don Ghaeilge. #afcnag26

0 0 1 0

Ciarán Mac Guolla Bhéin ag caint ag dinnéar na hArd-Fheise. Dúirt sé go bhfuil 'sainordú soiléir' tugtha do CnaG ag na baill ar cheisteanna éagsúla inniu - tithíocht, oideachas, Gaeltacht agus an cheist mhór a pléadh: Athaontú na hÉireann. #afcnag26 gníomh práinneach ag teastáil maidir le tithíocht.

2 0 2 0

Stiofán ó Oireachtas na Gaeilge tar éis a mheabhrú don slua go gcaithfidh coistí áitiúla iarratas a chur isteach leis an Oireachtas a fháil ina gceantar féin agus nach n-éireodh le rún #21 (nár pléadh) gur chóir Oireachtas na Samhna a reáchtáil ó thuaidh ar a laghad uair gach cúig bliana. #afcnag26

0 0 0 0

Deireadh leis an am a cuireadh ar leataobh do na rúin anois. D'éirigh linn a leath a chloisteáil. Beidh na cinn eile á bplé ag an gCoiste Gnó agus tiocfar ar ais acu amach anseo. [níl mé féin róchinnte céard a tharlaíonn sa gcás seo].

#afcnag26

2 0 1 0

Deir sé gur chóir go mbeadh CnaG agus CLG "ag léamh ón leathanach céanna" ar an gceist seo.

Glacadh leis an dá rún.

#afcnag26

1 0 0 0
Post image

[Moladh eile uaim féin do bhrandáil na hArd-Fheise, an-mhealltach] #afcnag26

2 0 0 0

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh go bhfuil sé scannalach nach bhfuil polasaí Gaeilge ag CLG, agus go gcaithfidh muid a bheith ag breathnú ar dhea-thoil. Deir sé níor mhaith le Laochra Loch Lao GAA a chur ar a ngeasaithe ach go gcaithfidh siad dar leis an eagraíocht féin. #afcnag26

0 0 1 0

Rún #18 (a/b) anois, cúrsaí CLG. Laochra Loch Lao ag iarraidh brú a chur ar CLG feiceálacht agus úsaid na Gaeilge a chur chun cinn san eagraíocht spóirt sin, agus rún eile acu ag iarraidh ar CLG deireadh a chur leis an urraíocht a thugann Allianz don eagraíocht. #afcnag26

0 0 1 0

Caoimhe Ní Mhaolaí ó Chraobh 1916 ag moladh go ndéanfaidh CnaG "tuairisciú deonach ar an mbearna phá idir na hinscní san eagraíocht. Glacadh leis an rún.

Tá Ciarán Mac Giolla Bhéin ar speedrun leis na rúin anois. #afcnag26

0 0 0 0

Rún #16 ina n-éilítear nach ngéillfeadh Comhairle Lár Uladh don "ghuath" agus nach mbeadh aon chúlú "i dtaca lena bpolasaí sráidainmneacha nó lena bpolasaí Gaeilge. Molta ag Coiste Craiceáilte Charn Tóchair, agus glactha leis. #afcnag26

0 0 0 0

Tá níos mó shush-ála ar bun anseo ag #afcnag26 ná mar a bhíonn Tigh Mholly oíche Déardaoin.

1 0 1 0

Aimée Ní Chonaig (Áras na nGael) agus Erin Mac an tSaoir (Ardchraobh) ag moladh Rún 15 (a/b) go mbeidh traenáil oifigiúil bhliantúil ann do chraobhacha an Chonartha. Glacadh leis an dá rún.

#afcnag26

0 0 1 0

Dónall Breathnach ag moladh go ndéanfaidh CnaG "iarracht láidir" Áras na Díge i gCorcaigh a athbhunú agus a athoscailt chun "lár-ionad pobail don Ghaelainn, don chultúr agus do ghníomhachas ar son na teanga" i gCorcaigh. #afcnag26

Deir Julian go bhfuil go leor oibre déanta cheana.

0 0 1 0

Rún 14 (a-c) anois. Aimee Nic Conaig ag moladh go dtabharfaidh CnaG "níos mó tacaíochta" do na hionaid Ghaeilge. "Díreodh CnaG ar dheontas a bheith bunaithe ag Foras chun na háiteanna seo a chaomhnú agus chun tacú le líonraí deonacha Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht". #afcnag26

1 0 1 0

Pádraig Fia Ó Mathúna anseo arís le Rún #13 a mholadh ina moltar an obair atá ar siúl ag Gaeil na hÉireann ar son mhuintir na Palaistíne [bhí ceist na Palaistíne ina cnámh spairne ag #afcnag25 anuraidh].

[Glacadh le rún 12 faoi fheachtas mhuintir Thír Eoghain in aghaidh Dalradian]

#afcnag26

0 0 0 0

Molann Coiste Ceantair Bhéal Feirste go mbeidh "cultúr feachtasaíochta sráide i gcroílár na gluaiseachta". Pádraig Fia Ó Mathúna a mhol thar ceann an choiste é. #afcnag26

0 0 1 0

Tá muid tagtha chomh fada le Rún #10 as 32 (gan na fo-rúin san áireamh) 2u30n tar éis tús Ghnó na hArd-Fheise, go bhfóire Dia agus a mháthair mhaith orainn 😵‍💫 #afcnag26

Rún ó na mic léinn tríú leibhéal iad 10(a/b/c) a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge in ollscoileanna na tíre.

2 0 1 0

Bláithín Nic a tSíthigh ag aontú le Julian. Cén sórt teachtaireachta atá ann do dhaoine a ndeireann muid leo "ní gá duitse an Ghaeilge" a dhéanamh. Tá muid ag rá le daoine nach mbaineann an Ghaeilge ná an cultúr Gaelach le daoine a thagann isteach - ní hin an íomhá atá uainn, a deir sí. #afcnag26

0 0 1 0

Ceapann Rossa Ó Snodaigh gur "údar práinne" é an leathuair an chloig a baineadh de mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna. Deir sé gur chóir a bheith níos láidre fós faoin rún agus éileamh go mbainfí leathuair an chloig de mhúineadh an Bhéarla sna scoileanna. #afcnag26

0 0 1 0
Post image

Rún 9 (a-d) á bplé anois. Ceisteanna a bhaineann le múineadh na Gaeilge sna scoileanna.

#afcnag26

2 0 1 0

Rún rúnda anois. Rún #8 (b) nach bhfuil ar an gclár ach atá le plé.

Ag iarraidh go ndéanfadh CnaG i mbun feachtasaíochta le "sráidainmneacha Gallda ó ré an choilíneachais a athainmniú go hainmneacha Gaelacha".

Glacadh leis an dá rún (8 a/b).

#afcnag26

0 0 0 0
Preview
Ná húsáideadh CnaG logainmneacha Béarla feasta - moladh ó Chonraitheoir sinsearach - NÓS Tá moladh déanta ag ball sinsearach de Chonradh na Gaeilge go n-éireodh an t-eagras teanga scun scan as logainmneacha Béarla a úsáid in ábhar poiblíochta na heagraíochta agus i gcomhfhreagras le heagr...

Rún #8 anois. Pádraig Mac Brádaigh á mholadh.

Caithfidh mé a rá nach bhfeicim mórán idir é agus an rún seo a ritheadh in 2020

#afcnag26

nos.ie/gniomhaiocha...

0 0 1 0

Glacadh leis na rúin eile (b, c, d) agus rinneadh leasú ar (e) le "an oiread agus is féidir" a chur isteach ann. #afcnag26

0 0 0 0

Glacadh le Rún 7 (a). Ní fhoilseoidh Conradh na Gaeilge íomhánna de dhaoine ar na cuntais atá ag an eagraíocht ar X feasta. Beidh cuntais acu ann fós, ach tá machnamh le déanamh air sin amach anseo. #afcnag26

0 0 1 0

Rossa Ó Snodaigh ag rá gur éirigh sé féin as X, deir sé gur Faisistigh iad na daoine atá i gceannas ar an ardán, agus gur chóir don Chonradh éirí as go huile is go hiomlán. #afcnag26

0 0 1 0

Deir Uachtarán CnaG go bhfuil na milliúin fós ag úsáid X agus gur chóir machnamh a dhéanamh air sin freisin.

Bean óg a dúirt gur vótáil sí in aghaidh an rúin anuraidh (go n-éireodh CnaG as X) ach go raibh sí "aineolach" faoi cé chomh "uafásach is a bhí X agus Musk" an uair sin. #afcnag26

0 0 1 0