Tá Lá na gCiorcal ag teannadh linn agus is féidir libh sonraí na gCiorcal uilig a fheiceáil ar snag.ie/la-na-gciorcal 🤩
Beidh ar a laghad, ciorcal amháin ag tarlú i ngach chontae sa tír! 🎉
Buailigí isteach orthu, bainigí úsáid as bhur gcúpla focal agus déanaigí cairde trí Ghaeilge 💜
#SnaG26
Posts by Seachtain na Gaeilge
A Ghaeilge, mo cheol thú! 🎸🎵🎺
An raibh an huirlisí ceoil seo ar eolas agaibh i nGaeilge? 💜
#Gaeilge #SnaG26 #Irish #IrishLanguage
Seachtain na Gaeilge shona daoibh go léir! 🤩🎉
Bainigí sult as an bhféile a chairde 💜
Tá an t-eolas uilig faoin bhféile ar fáil ar snag.ie agus tá liosta na n-imeachtaí ar fáil ar sceal.ie/snag 🤩
#SnaG26 #Gaeilge #AGhaeilgeMoCheolThú #Irish #IrishLanguage #Ireland
Ná déanaigí dearmad go bhfuil póstaeir agus lámhleabhair do #SnaG26 ar fáil le híoslódáil ó snag.ie/lamhleabhar 🤩
Is féidir libh iad a úsáid chun tuilleadh poiblíochta a dhéanamh ar an himeachtaí iontacha atá i mbun agaibh! 💜
#Gaeilge #Irish #IrishLanguage #Ireland #Gael
Nach fíor an seanfhocal seo!? 😆🎵
Bain triail as moladh a thabhairt do dhuine trí Ghaeilge inniu! 💜
#Gaeilge #SnaG26 #Irish #IrishLanguage #Foghlaim #Gael
Tá leath de na contaetha cláraithe anois do Lá na gCiorcal 2026! 🥳
An bhfuil do chontae fhéin le feicéail ar an léarscáil go fóill? Mura bhfuil, cláraigh anois ag snag.ie/la-na-gciorcal 👀
#SnaG26 #Gaeilge #CiorcalComhrá #Irish #Foghlaim #Conversation #IrishLanguage
🚨 MEABHRÚ 🚨
Ná déanaigí dearmad bhur n-imeachtaí #SnaG26 a chlárú ar sceal.ie faoin Aoine beag seo (13/02) ionas go mbeidh muid in ann iad a chur leis an liosta oifigiúil d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2026! 🎉🥳
Téigh go sceal.ie/claraigh-ime... ☑️
Is é téama na féile i mbliana ná 'A Ghaeilge, mo cheol thú!' 🎶💜
An raibh an seanfhocal seo faoin gceol ar eolas agaibh? 🤩
#SnaG26 #Gaeilge #Irish #Seanfhocal #Foghlaim
Seo chugaibh bhur n-ambasadóirí do #SnaG26
Conor Curley ó @fontainesdc.bsky.social agus Róisín Seoighe ó IMLÉ - bheirt cheoltóirí den scoth!
Is é téama na féile i mbliana ná 'A Ghaeilge, mo cheol thú' agus céiliúradh á dhéanamh againn ar an nasc domhain agus buan idir an teanga agus an ceol! 🎵💜
Seoladh na hAmbasadóirí faoi lánseol i gCé an Adhmaid i mBaile Átha Cliath! 🎶💜
Cúpla focal ó Chathaoirleach Sheachtain na Gaeilge, Conchubhair Mac Lochlain, le tús a chur leis an ócáid!
#SnaG26 #Gaeilge #Irish
Beidh muid ag fógairt ambasadóirí na féile amárach! 🤩🥳
Coinnigh súil amach dóibh sna meáin agus ar na hárdáin uilig ach idir an dá linn, tabhair buille faoi thuairim orthu sna tráchtanna - tá leid mhór sa phostáil seo! 👀🎵
#SnaG26 #Gaeilge #Irish #SnaG #Gael
Tá Lá na gCiorcal ag filleadh mar chuid de #SnaG26 ar an 11/03/26! 🎉
Is deis é an lá seo spotsholas a chur ar na ciorcail chomhrá iontacha atá ag feidhmiú in Éirinn agus fud fad an domhain freisin 👏
Cláraigí anois ar snag.ie/la-na-gciorcal ☑️
#Gaeilge #Irish #CiorcalComhrá #LáNagCiorcal
"Tháinig ardú anuraidh ar líon na ndaoine a fhéachann ar TG4, an cúigiú bliain as a chéile ar éirigh leis an stáisiún níos mó daoine a mhealladh."
Tá athbheochan na teanga le feiceáil i ngach áit! 💜
tuairisc.ie/ardu-ar-luch...
Tá rudaí móra ag teacht a chairde.. 👀🎉
An bhfuil sibh réidh do #SnaG26 cheana féin? 🤩
Táimid ag obair go dian le cuma na maitheasa a chur ar snag.ie faoi láthair agus beidh ambasdadóirí na féile scaoilte i gceann coicíse! 🥳
Coinnigí súil amach | Keep your eyes peeled!
#Gaeilge #Irish
Tar éis 9 mbliana iontacha le chéile, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Energia as a dtacaíocht mar theideal-urraitheoir na féile
Táimid anois sa tóir ar urraitheoir nua, agus le hathbheochan faoi lán seoil, ba bhreá linn cloisteáil uaibh!
Seachtain na Gaeilge - bígí linn!
Gabhaigí ár leithscéal a chairde ach bhí orainn an Léacht Staire mar chuid de #TrasnaNadTonnta a chur ar athló go dtí amárach mar gheall ar fhadhbanna teicniúla
Beidh sé ar siúl amárach, Dé hAoine 05/12 ag 11:00 ar Zoom - beidh an nasc Zoom céanna in úsáid againn!
Thaistil muid timpeall an domhain inné leis an gComhrá Leanúnach mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍
Ó Chóbanhávan go Corcaigh, ón dTuirc go Baile Átha Cliath agus ó Chathair na nAingeal go Contae Laoise - tá an Ghaeilge bheo bheathach! 💚
Míle buíochas libh go léir!
Tá an comhrá leanúnach beo anois ar Youtube mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍
Thosaigh muid sa Nua-Shéalainn le CnaG Aotearoa agus ansin chuaigh muid go Muineachán agus anois tá Togra Mhaigh Eo beo ar an aer!
Bígí ag féachaint orthu ag caint ag www.youtube.com/watch?v=oiZZ...
Bhí slua álainn, idirnáisiúnta agus eolach againn don Cheardlann Logainmneacha mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍
Bígí linn anocht don Cheardlann Liricí Kneecap ag 20:00 - cláraigh anois ar snag.ie/trasna ✨
Comórtas! 🏆
Físeán nó grianghraf a phostáil ag taisepáint an áit ar an domhan ina bhfuil siad, leis na focail “Nollaig Shona ó (áit/ tír)” á rá (i bhfíseán) nó á scríobh (faoi ghriangraf), agus clibeáil a dhéanamh ar chuntas @SnaGaeilge, @trasnanadtonnta agus haisclib #TrasnaNadTonnta a úsáid 🌍️🌊
D'imeacht deireanach na seachtaine beidh ceol binn le cloisteáil ó Shiobhán Ní Chróinín, teagascóir ICUF i gCeanada, lena ceardlann amhránaíochta ar an sean nós mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️
Foghlaim na liricí d'amhrán sean-nóis léi agus bí ag canadh os ard! Dé hAoine ag 23:00 ar Zoom! 💙
Bígí linn ar lá deireanach de #TrasnaNadTonnta 2025 le cluiche beomhar, idirnáisiúnta Biongó Lócó! 🌊🌍️
Bígí ag imirt sa bhaile agus beidh duaiseanna ar luach €300 ar fáil le buachan ar an lá! 🏆️
Cláraigí anois agus cuirigí críoch cheart leis an bhfeachtas - Dé hAoine ag 13:00 ar Zoom!
An bhfuil tú nua i saol na Gaeilge nó as cleachtadh agus ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú? ☘️
Bígí linn do rang speisialta leis an réalta, Mollie Guidera mar chuid de #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊🌍
Oireann an rang seo is fearr do thosaitheoirí na teanga ach tá sé oscailte do chách ✨
Freastal ar léacht staire stiúrtha ag Briain Ó Conchubhair, léachtóir ag Ollscoil Notre Dame mar chuid de #TrasnaNadTonnta 25! 🌊🌍️
Bígí linn Déardaoin ag 13:00 ar Zoom! Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí - cláraigh anois ar snag.ie/trasna ☑️
Tóg sos suaimhneach le Nuala Ní Scolláin agus an Cheardlann Aireachais seo 🧘♀️🌊
Bígí linn ar Youtube beo @SnaGaeilge ag a 09:00 agus tá an ceardlann seo oiriúnach do fhoghlaimeoirí! 🌍️
Tá go dtí Dé Luain 01 Nollaig le clárú do na himeachtaí #TrasnaNadTonnta - cláraigh anois ar snag.ie/trasna
Foghlaim faoi logainmneacha na hÉireann agus faoin gciall a bhaineann leo leis an gceardlann speisialta seo mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🌊🌍️
Tá neart staire ina bhfolach sna logainmneacha; déanann siad cur síos ar oidhreacht, dúlra agus tírdhreach ár gceantair!
👉️ snag.ie/trasna
Beidh teachtaireacht speisialta le cloisteáil anseo ar Bluesky ó Mhamaí na Nollag ar an Luain 01/05 ag 18:30 mar chuid de #TrasnaNadTonnta 🎄🤶
Is do na gasúir is múinte amháin í an teachtaireacht seo agus beidh píosa scéalaíochta le cloisteáil freisin! 📖
Bígí linn chun tús oifigiúil a chur le #TrasnaNadTonnta 2025 lenár seoladh ar líne! 🌊🌍
D'fhéadfá tiúnáil isteach ó áit ar bith ar domhan ar www.youtube.com/@snagaeilge ag 16:30 (UTC+1) Dé Luain, 01 Nollaig 🌐
Táimid ar bís le fógairt Clár na Seachtaine do #TrasnaNadTonnta 2025! 🌊
👉 snag.ie/trasna
Idir na himeachtaí seo, ciorcal comhrá leanúnach agus comórtais ar líne, beidh go leor deiseanna ag daoine a bheith páirteach san fheachtas! 🤩
#Gaeilge #Irish #Foghlaim #Trasna #Teanga #Idirnáisiúnta
Taimid ag oscailt babhta a 3 den #CisteSpreagtha 2025 do líon treoranta iarrthóirí do imeachtaí idir 25 Samhain - 14 Nollaig 2025! 🎉
Tá suas le €1000 ar fáil d'imeacht agus tá go dtí Déardaoin beag seo ag 11:00 le d'iarratas a chur isteach chugainn ☑️
Tuilleadh eolais agus clárúchán ar snag.ie/cs 🔗