Advertisement · 728 × 90
#
Hashtag
#AFCnaG
Advertisement · 728 × 90
Preview
Aisling athaontaithe anois i mbunreacht an eagrais Ghaeilge is mó sa tír Tá Conradh na Gaeilge tar éis rún a rith ag ard fheis an eagrais ar són gníomhú ar son aontú na tíre.

“Aisling athaontaithe anois i mbunreacht an eagrais Ghaeilge is mó sa tír
#ConradhnaGaeilge tar éis rún a rith ag ard fheis an eagrais ar són gníomhú ar son aontú na tíre”

Cinneadh stairiúil!
#AFCnaG #Gaeilge #SpéirGhorm #ÉireAontaithe #SpéirGorm #IrishUnity
www.thejournal.ie/conradh-na-g...

2 0 0 0

Anois, uair an chloig agus 15 nóiméad déag ina dhiaidh, bogfaidh muid ar aghaidh go Rún #2... #afcnag26.

Faoi chúrsaí tithíochta. Tá Uachtarán CnaG ag iarraidh go n-éileoidh CnaG ar na hAirí Tithíochta/Gaeltachta feidhmiú ar mholtaí CnaG/Bánú le tithíocht a chinntiú sa Ghaelt8 #afcnag

0 0 1 0
Post image Post image

“Rún faoi ‘ghníomhú i dtreo’ #ÉireAontaithe le plé ag Ard-Fheis #ConradhnaGaeilge… an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste”
#SpéirGhorm #gaeilge #AFCnaG #gaeltacht
🔗 tuairisc.ie/run-faoi-ghn...

1 0 0 0

Ghlac sé ballraíocht i CnaG nuair a bhí sé 18 agus tá sé "ag plé le graithi na Gaeilge ó shin" a deir sé.

Is sna daoine óga atá ag #afcnag25 #afcnag atá "an todhchaí".

0 0 1 0
Post image

Gradam an Uachtaráin bronnta ar Éamon Ó Cuív ag #afcnag25 #afcnag

8 1 1 0

Ní thig a bheith ag braith ar pholaiteoirí, caithfidh an gníomh teacht ón mbun aníos, a deir sé. #afcnag25 #afcnag

1 0 0 0
Post image Post image

Óráid ag oibrí deonach na bliana Dónall Ó Cnáimhsí (atá ag labhairt i bhfad rósciobtha le tráchtaireacht bheo a dhéanamh air) #afcnag25 #afcnag

0 0 1 0

Torthaí Thoghchán an Choiste Gnó:

John Prendergast
Mairéad Ní Fhátharta
Liam Ó hÓgáin
Róisín Nic Liam
Pádraig Fhia Ó Mathúna
Pádraig Ó Foghlú
Pádraig Mac Brádaigh
Áine Ní Dhonnaile
Erin Mac an tSaoir
Conchúr O Fearáin
Julieanne Ní Mhaolaidh
Rónán Mistéil

#afcnag25 #afcnag

5 0 0 1

"Tá obair ollmhór le déanamh againn idir Ard-Fheis 25 agus Ard-Fheis 26 i mBéal Feirste" #afcnag25 #afcnag

1 0 0 0

Buíochas gafa aige lena réamhtheachta Íte Ní Chionnaith a bhrúigh bille cearta teanga do na Sé Chontae chun cinn agus í ina huachtarán sna 80idí. #afcnag25 #afcnag

0 0 1 0

Moladh aige do Julian de Spáinn agus do dhaoine eile i CnaG a bhi sásta teacht aneas agus seasamh le pobal Gaeilge BF nuair nach raibh ach "cúpla dosaen" duine ar an tsráid ag agóidí Gaeilge. #afcnag25 #afcnag

0 0 1 0

Lúcháir air gur glacadh leis an rún faoi théama #afcnag26 #afcnag "An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe".

0 0 1 0

Bhí Ciarán ar scoil i gColáiste Feirste nuair a toghadh duine de bhunaitheoirí na scoile, Gearóid Ó Cairealláin, ina uachtarán ar CnaG 30 bliain ó shin. Ómós tugtha aige do Ghearóid, Pádraig Ó Snodaigh agus Albert Fry ina óráid. #afcnag #afcnag25

3 0 1 0
Post image

A chéad óráid mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge á tabhairt uaidh ag Ciarán Mac Giolla Bhéin ag #afcnag #afcnag25

2 0 1 0
Post image

Méara Loch Garman Cáit Bhreathnach ag labhairt i nGaeilge (nach bhfuil aici a deir sí!) ag Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2025.

Geallúint tugtha aici níos mó Gaeilge a labhairt anois agus í spreagtha ag óige ná Gaeilge atá feicthe aici ag #afcnag #afcnag25

0 0 1 0

Deireadh leis an bplé ar na rúin anois.

Cuirfear na rúin nár pléadh ag #afcnag25 #afcnag (rúin 39-42) ar aghaidh chuig an gCoiste Gnó.

0 0 0 0

Glacadh leis an rún. #afcnag #afcnag

0 0 1 0

Moladh mór ag John Prendergast d'Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide Pádraig Mac Brádaigh as an obair atá déanta aige ó ceapadh é agus as an obair a rinneadh sé sular ceapadh é le cinntiú go mbeadh an ról ann. #afcnag25 #afcnag

1 0 1 0

Bualadh bos don chéad rún eile sula gcaitear vóta fiú.

"Ba cheart go mbeadh sé riachtanach Oifigeach Gaeilge Mac Léinn Lán-Aimseartha a bheidh i ngach ollscoil in Éirinn".

#afcnag #afcnag25

4 1 1 0

Plé anois ar rún 37 faoi bhunú ról nua i CnaG - Oifigeach Tiomsaithe Airgid. Deir Rónán Misteál gur rún fadtéarmach a bheadh ann. Deir Julian de Spáinn go b'fhéidir gurbh fhearr an cheist a fhágáil faoin gCoiste Gnó. #afcnag #afcnag25

0 0 1 0

Glacadh le rún go n-éileofaí ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh teangacha comhaimseartha a dhéanamh "mar chroí-ábhar sa siollabas arís sa dara leibhéal ó thuaidh". #afcnag #afcnag25

0 0 0 0

Glacadh le rún ina moltar Cúla4 agus ina n-éilítear go mbeadh tuilleadh ábhar i nGaeilge ar na stáisiúin eile thuaidh agus theas. #afcnag #afcnag25

0 0 0 0

Ní ghlacann Craobh Frankfurt leis an leasú.

Níor glacadh leis an rún (an chéad rún nár glacadh leis ag #afcnag #afcnag25) (monabhar cainte sa seomra anois...)

0 0 0 0

Ball eile (ní bhfuair mé a ainm) ag rá go mbaineann sé féin úsáid as X le fáil amach céard atá ag tarlú i gConradh na Gaeilge. #afcnag #afcnag25

0 0 1 0

Níl a fhios ag Pádraig Ó Tiarnaigh cá seasann sé ar an gceist seo. Tuigeann sé spiorad an rúin ach is féidir X a úsáid le baghcait a chur chun cinn agus cur i gcoinne na heite fíordheise. #afcnag #afcnag25

0 0 1 0

Deir Niall Comer go gcaithfear a chuimhneamh go raibh vóta ann faoi thábhacht baghcait ar ball (glacadh leis) agus anois go bhfuil plé ann faoi gan baghcat a chur i bhfeidhm agus go "dtabharfar aird" air sin. #afcnag #afcnag25

0 0 1 0

"Denis O'Brien agus Rupert Murdoch inné, Musk agus Zuckerburg inniu - céard é an chéad rud eile a bheidh orainn a fhágáil?" a fhiafraíonn Erin Mac an tSaoir #afcnag25 #afcnag

0 0 1 0

Imní ar Aodhán Ó Deá go mb'fhéidir go dtógfaí ainm an Chonartha dá bhfágfadh an Conradh an suíomh. Molann sé teachtaireacht a chur amach nach bhfuil an cuntas in úsáid níos mó ach an chartlann ábhar a fhágáil ann.

#afcnag #afcnag25

0 0 1 0

Deir an t-uachtarán Ciarán Mac Giolla Bhéin go dtacaíonn sé le spiorad an rúin freisin ach luann sé na pointí céanna, nach mór, le Prendergast. #afcnag #afcnag25

0 0 1 0

Plé anois faoi chuntais an Chonartha ar X a dhúnadh mar gheall ar ghníomhartha Elon Musk.

Molann John Prendergast leasú a dhéanamh 'éirí as úsáid' nó rud mar sin seachas an cuntas 'a dhúnadh' mar gheall ar an gcartlann mhór ábhar atá ar na cuntais sin.

#afcnag #afcnag25

1 0 1 0