Breathing Butterfly in Irish from The Elfenworks Foundation – follow along and feel better!
Stress down, butterfly! Find out more at https://elffound.org/butterfly. Our Breathing Butterfly app provides this visualization in 28 languages and 330 animation choices. Six tranquil games provide endless options for peaceful fun. Other resources online. All designed to help you relax, stress-down and tend to your inner butterfly garden. A collaborative project with The Elfenworks Foundation and Elfenworks Productions, LLC. Copyright © 2020. Elfenworks Productions, LLC. All Rights Reserved. Irish Text Tarraing anáil isteach 1 - 2 - 3 ‘S scaoil anáil amach 3 - 2 - 1 Tabhair faoi deara go gcuireann gach anáil ar do shuaimhneas thú, agus lig do do dhá lámh éirí beagánín níos troime. Is féidir go n-airíonn tú go bhfuil do chuid matán ag scaoileadh agus ag éirí níos boige, agus go bhfuil d’aghaidh ag éirí níos socra agus níos suaimhní fiú. Mothaigh do bholg ag líonadh leis an aer, agus tú ag déanamh do shuaimhnis le gach anáil domhain a tharraingíonn tú. Tarraing anáil isteach 1 - 2 - 3 ‘S scaoil anáil amach 3 - 2 - 1 Tá áthas agus suaimhneas ag teacht ort anois. Agus tú ag mothú mheáchan do ghéag, lig do do dhá lámh éirí bog, trom agus te, agus lig do do dhá chos éirí bog, trom agus te. Is beag nach crann tú, agus do fhréamhacha istigh sa chré agus do ghéaga thuas sa spéir leis na réalta, géaga a bhfuil do chara ar féidir leis eitilt in ann faoiseamh a fháil oraibh. Tarraing anáil isteach 1 - 2 - 3 ‘S scaoil anáil amach 3 - 2 - 1 Tabhair cead duit féin do chuid imní go léir a scaoileadh amach ar nós néil... Bí séimh leat féin... Tar ar faoiseamh iomlán domhain agus tú ag análú agus buille croí rialta socair agat. Tarraing anáil isteach 1 - 2 - 3 ‘S scaoil anáil amach 3 - 2 - 1 Gach aon uair a dhéanann tú machnamh, bíonn sé níos fusa duit do scíth a ligean agus teacht ar an dearcach dearfach seo, agus is féidir an dearcadh seo a thabhairt amach leat ar an saol. Tarraing anáil isteach 1 - 2 - 3 ‘S scaoil anáil amach 3 - 2 - 1 Ceart go leor, táimid beagnach críochnaithe anois, ach ar dtús caithfimid slán a fhágáil ag ár gcara leis na sciatháin. Agus coinnigh i gcuimhne, go bhfuil an cara sin chomh mhór leat is a bhfuil do shamhlaíocht féin, agus mar sin bíonn sé leat i gcónaí, agus é réidh i gcónaí chun cabhrú leat mothú níos fear.
youtu.be/Guq5gABbY84 Take a breath! That was the Breathing butterfly in Irish! #elffound #breathingbutterfly #stressdown